Poiciliteirm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ainmhí nach bhfuil aon chóras inmheánach aige chun teocht a cholainne a rialú, ionas go n-athraíonn sí ó am go chéile le hathruithe i dteocht na timpeallachta. Uaireanta deirtear gur ainmhí fuarfhuilteach é, ach is féidir leis teocht a cholainne a choinneáil ag leibhéal ard trí ghníomhaíocht nó grianú.