Pogram Chív (1881)
| ||||
| Cineál | pogrom | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | pograim frith-Ghiúdacha in Impireacht na Rúise | |||
| Dáta na bliana | 1881 | |||
| Suíomh | Cív, An Úcráin | |||
Mhair Pogram Chív na bliana 1881 ar feadh trí lá. Thosaigh sé ar 26 Aibreán (7 Bealtaine), 1881 i gcathair Chív féin sular scaip sé go sráidbhailte sa réigiún máguaird. Lean ráigeanna foréigin ann go dtí an geimhreadh. Meastar gurb é pogram Chív an ceann is measa de na pograim a shéid trí Iardheisceart na Rúise Impiriúla sa bhliain1881.[1]
Lean na pograim ar aghaidh i rith an tsamhraidh, ag scaipeadh ar fud chríoch na hÚcráine (mar atá inniu ann) lena n-áirítear Gobharnóireachtaí Podolia, Volyn, Chernigov, Yekaterinoslav, agus cinn eile nach iad.
Meastar go forleathan nach ndearna údaráis an tsáir aon iarracht é a stopadh. Ina mhionstaidéar Russians, Jews and the Pogroms of 1881-1882, áfach, tháinig John D. Klier (ollamh le Stair na nGiúdach nua-aimseartha i gColáiste na hOllscoile, Londain, a chaith beagnach a shaol acadúil ar fad ag déanamh taighde ar shaol na nIúdach i gcríoch faoi smacht na Rúise) ar bharúil mhalartach ar fad. De réir an ollaimh, thug rialtas an tSáir orduithe go gníomhach agus go minic arís agus arís eile do na póilíní agus chun lucht míleata na pograim a chur faoi chois. D'fhoilsigh siad forógraí freisin a chuir cosc ar chíréibeacha frith-Iúdacha.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pogrom (Virtual Jewish Encyclopedia
- ↑ Klier, John D. (2011). Russians, Jews and the Pogroms of 1881-112. p. 26 &foll. ISBN 978-1-107-63415-2
- Pograim frith-Ghiúdacha in Impireacht na Rúise
- Sléachtanna san Úcráin
- 19ú haois i gCív
- Frith-Sheimíteachas san Úcráin
- Stair Ghiúdach na hÚcráine
- Gobharnóireacht Chív
- 1881 san Úcráin
- 1881 in Impireacht na Rúise
- Imeachtaí Bealtaine 1881
- 1881 Dúnmharuithe san Eoraip
- 1881 Dúnmharuithe in Impireacht na Rúise
- 1881
- Stair na hÚcráine
- Frith-Sheimíteachas
- Frith-Sheimíteachas sa Rúis
