Pliosauroidea
Cuma
(Athsheolta ó Pléasár)
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Reptilia |
Ord | Plesiosauria |
Luach ar iarraidh | Pliosauroidea |
Is pléiseasár cumasach ó na farraigí Méiseasócha é an pléasár. Bhí muineál gearr is ceann an-mhór acu. Bhídís foghlach ar ainmhithe móra uisciúla.[1] Bhí cónaí orthu sna haigéin ar fud an domhain. Bhí cúpla speiceas suas le deich méadar ar fhad. Mhair siad leis na dineasáir agus chuaigh siad in éag le chéile ag deireadh na Tréimhse Cailcí.
Is fo-ord éagtha é Pliosauroidea de veirteabraigh uisciúla agus go háirithe ón chlád Méiseasóch 'Diapsida' (.i. an Triasach Uachtarach [2] go dtí an Cailceach Déanach). Ní raibh ach fine amháin díobh ann ar dtús, na Pliosauridae, ach tá géinis agus finte eile curtha san áireamh ó shin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pléasár". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 526.
- ↑ « Découverte du plus ancien plésiosaure au monde » - [lire en ligne|lien=http://www2.cnrs.fr/presse/communique/5363.htm ], CNRS, 13 décembre 2017.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |