Plé teimpléid:Foireann pheile náisiúnta bosca eolais
Hmm...roinnt ceartúchán le déanamh anseo.
- Éidí? - nach é "culaith" an focal ceart? Ní focal Gaeilge an focal "éidí".
- Cónaidhm? - mícheart. Ní grúpa stát atá i gceist. "Comhaontas" an focal ceart anseo.
- Traenálaí? - mícheart. Ní hionann "traenálaí" na Gaeilge agus "trainer" nó "coach" an Bhéarla. "Bainisteoir" an focal ceart anseo. Arís, ní hionann "bainisteoir" na Gaeilge agus "manager" an Bhéarla (ach is cinnte go bhfuil cosúlachtaí ann).
- Curiarracht tinrimh? - frása níos Gaelaí é "An imreoir is mó a roghnaíodh", nach ea?
- Ardaimsitheoir? - "Príomhscórálaí" an focal ceart.
- Idirnáisiúntas? - ní eagraíocht nó cumann atá i gceist anseo, ach cluiche. "An chéad chluiche idirnáisiúnta" an frása ceart.
- Bua is mó - "Toradh is fearr"
- Cailleadh is mó - "Toradh is measa"