Plé úsáideora:Makenzis
Cuir topaic leisFáilte
[athraigh foinse]Dia dhuit, a Mhakenzis! Tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! GRMA as do chuid iarrachtaí anseo ar Vicipéid agus tá súil againn go mbeidh níos mó uait le teacht! Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh agus spórt as do chuid ama anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú, agus tá bosca gainimh ag barr an leathanaigh seo le cuidiú leat é sin a dhéanamh. Thig leat dul go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó dul go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóintigh in ár reamhrá, freisin.
Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Beir bua! SeoMac (plé) 00:26, 3 Iúil 2019 (UTC)
Fáilte roimh do thuairim – forbairt Vicipéide
[athraigh foinse]Haigh Makenzis
Táim ag obair le Pobal Éireann Wikimedia faoi láthair ag féachaint ar fhorbairt Vicipéide - conas is féidir linn tacú níos fearr le heagarthóirí, riarthóirí agus conas a fhásfaimid an pobal agus an chiclipeid, le chéile. Chonaic mé thú ag eagarthóireacht agus shíl mé gur mhaith liom teagmháil a dhéanamh leat.
Táimid ag bailiú tuairimí agus ag iarraidh ar dhaoine a bheith páirteach, cibé bealach is fusa duitse - bíodh sin trí smaoineamh a roinnt, ceist a chur, nó díreach súil a choinneáil ar an obair. Tá Vicipéid:Slí na Vicipéideoirí ar bun againn mar áit lárnach don obair seo - is féidir leat d'ainm a chur leis an liosta ann le bheith ar an eolas, agus tá leathanach plé ann freisin más mhaith leat do chuid smaointe a chur isteach.
Má tá suim agat labhairt tuilleadh, is féidir leat teacht orm ar mo leathanach plé anseo, nó ríomhphost a chur chugam.
Go raibh maith agat,