Plé úsáideora:Erigena

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

A Erigena, a chara,

Faoin bhfocal "astaireacht": Is é sin an téarma a úsáidtear le "asterism" a aistriú i gcomhthéacs na clóbhuailteoireachta, ach is é an moladh a fuair mise ó Fidelma Ní Ghallchóir (An Coiste Téarmaíochta) ná "réaltlach" a thabhairt ar "asterism" i gcomhthéacs na réalteolaíochta. Cf. cnámharlach, creatlach. Ar ndóigh, má tá seanleabhair réalteolaíochta agat as Gaeilge ina n-úsáidtear "astaireacht" i gcoimhthéacs na réaltaí, is fearr cloí leis an tseanúsáid sin. Treise leat. Panu Petteri Höglund 12:03, 16 Bealtaine 2006 (UTC)[reply]

Más é seasamh oifigiúil Acmhainn.ie gurb é "astaireacht" an leagan ceart, tá an ceart agat go hiomlán agus tú ag baint úsáide as. Ar an drochuair, dealraíonn sé nach bhfuil an Coiste Téarmaíochta féin róchinnte den úsáid.

Is é "réaltlach" an moladh a fuair mé ó Fidelma agus ón gCoiste, ach fuair mé drochmholadh eile uathu - "an tAomadh Mór" ar an nGreat Attractor. "An tOllaomthóir" an téarma a bhí ag Matt Hussey ina "Ghasaitéar Eolaíochta", agus ós rud é go bhfuil úsáid bainte as an téarma sin aigesean cheana, níl aon ghá le téarma nua.

Mar sin, agat féin is fearr atá an ceart faoin rud seo. Go n-éirí an obair leat! Panu Petteri Höglund 13:05, 29 Meitheamh 2006 (UTC)[reply]

Gabh mo leithscéal. D'fhág mé an méid sin thuas ar do leathanach úsáideora. Ar ndóigh, is é an leathanach plé an áit cheart. Panu Petteri Höglund 22:27, 29 Meitheamh 2006 (UTC)[reply]

Catagóir a chur leis na teimpléid réalteolaíochta[athraigh foinse]

A Erigena, a chara, Tá sé i gceist agam catagóir a chur leis na teimpléid seo ionas go mbeidh sé níos éasca ar úsáideoirí teacht ar theimpléid ghaolmharacha. Cuir fios orm má tá aon mholadh agat ina thaobh seo. Beir bua, Nmacu 15:23, 22 Eanáir 2008 (UTC)[reply]