Plé úsáideora:86.47.23.200

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá súil agam go gcláróidh tú faoi ainm úsáideora de do chuid féin. Maidir le do chuid oibre, caithfidh mé a phointeáil amach nach bhfuil gá leis an bhfocal "muirthéachtaí", ó tá "réabhlóidí" seanfhréamhaithe sa Ghaeilge. Níl aon locht agam ar "muirthéacht" mar fhocal, ach i bhfíor-úsáid na teanga, ní fheicfeá é ach amháin i gcoimhthéacs "mhuirthéacht na Fraince". Ón taobh eile de, níl an focal "muirthéachtaí" ar fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill, agus d'fhéadfadh sé léitheoirí a chur ar strae, ó nach dtuigfidís é. Panu Petteri Höglund 19:47, 17 Meitheamh 2009 (UTC)[reply]

Tá súil agam go gcláróidh tú faoi ainm úsáideora de do chuid féin freisin. Ba mhaith liom do dhea-obair a thréaslú leat. Maidir leis an bhfocal asma tá an téarma ar fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill agus anseo ar www.focal.ie, chomh maith le plúchadh agus múchadh. Tameamseo 22:38, 17 Meitheamh 2009 (UTC)[reply]