Plé úsáideora:Éimívici
Cuir topaic leisFáilte!
[athraigh foinse]Fáilte romhat a Éimí, agus go raibh maith agat as na nascanna go léir a rinne tú inniu. Abair liom má tá cúnamh uait! kscanne (plé) 14:29, 16 Meán Fómhair 2024 (UTC)
Fáilte roimh do thuairim – forbairt Vicipéide
[athraigh foinse]Haigh Éimí
Táim ag obair le Pobal Éireann Wikimedia faoi láthair ag féachaint ar fhorbairt Vicipéide - conas is féidir linn tacú níos fearr le heagarthóirí, riarthóirí agus conas a fhásfaimid an pobal agus an chiclipeid, le chéile. Chonaic mé thú ag eagarthóireacht agus shíl mé gur mhaith liom teagmháil a dhéanamh leat.
Táimid ag bailiú tuairimí agus ag iarraidh ar dhaoine a bheith páirteach, cibé bealach is fusa duitse - bíodh sin trí smaoineamh a roinnt, ceist a chur, nó díreach súil a choinneáil ar an obair. Tá Vicipéid:Slí na Vicipéideoirí ar bun againn mar áit lárnach don obair seo - is féidir leat d'ainm a chur leis an liosta ann le bheith ar an eolas, agus tá leathanach plé ann freisin más mhaith leat do chuid smaointe a chur isteach.
Má tá suim agat labhairt tuilleadh, is féidir leat teacht orm ar mo leathanach plé anseo, nó ríomhphost a chur chugam.
Go raibh maith agat,