Plé:Shang-hai

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ainm na Cathrach "Shànghǎi" Faoi láithir tá an téarma "Shanghai" in úsáid don cathair síneach seo. Dá bhfuaimníodh é seo i gceart de réir fuaimniú na gaeilge, d'fhuaimníodh mar "[haŋ'ɣaɪ]" í, nuair gur chóir í a fhuaimniú mar "[ʃaŋ'həi]". Is léir gur aistríodh an tainm, ó na leaganacha difriúla i dteangacha éagsúla ar Vicipéid: m.sh. Xanghai i gCatalóinis (fuaimnítear an x mar ʃ), Shanghái i Spáinnis, Schanghai as Gearmáinise (sch = ʃ), Ŝanhajo i Sprantais, Sciamhaevum i Laidin, Šanchajus i Liotuáinis, Šanhaja i Laitvis, Sjanghai in Ollainnis, Шанха́й i Rúisis, Şanhaý i dTuircis nó Szanghaj i bPolainnis. Sa chuid is mó de na cásanna seo, d'athraíodh an litriú den tainm chun cloigh le rialacha fuaimníochta na teangacha éagsúla (ach go háirithe maidir leis an fuaim ʃ). Mar sin táim ag moladh "aistriú" ghaeilge. Ní OR é seo, mar nílim ach ag leanúint na teangacha eile, chun an gaeilge a choimeád beo, úr agus suas-chun-dáta ar nós mór-teangacha an domhain eile. Le leagan ghaeilge, bheadh gá go mbeadh na gutaí ag cloigh leis an riail "leathan-le-leathan, caol-le-caol". Mholfainn an leagan SeangháíSeang-Hái. Nílim chun aon leagan a chur ar an leathnach go dtí go bhfaghaim moltaí nó comhairle duine éigin eile. Ag cuardach aon fhreagairt dó seo... GRMA

Tá brón orm nach bfhuair tú freagra ar an cheist seo. Seo mo bharúil. Is maith an rud é amharc ar na vicipéidí eile. Déanaimse é--cuidíonn sin le rudaí a fheiceáil ina gceart uaireanta. Bíonn an rogha ag daoine amuigh ansin ar an tsaol mhór: Tá sé roghnaithe ag cainteoirí na Catalóinise agus na Portaingéilise an fhuaim ʃ a scríobh de réir a gcóras litrithe féin; tá a mhalairt de rogha déanta ag lucht na Fraincise agus na Spáinnise (maidir leis an ʃ--tuigim go gcuirtear "fada" air i Spáinnis) -- choimeád siad an 'sh' atá i mBéarla agus i gcórais thraslitrithe na Sínise. Déanann ceachtar acu cúis. Ach níor roghnaíodh na leaganacha seo a fheiceann tú ar na Vicipéidí eile ar chúiseanna teoiriciúla--Rinne cainteoirí na dteangacha sin a rogha fada siar ar an iliomad bealach. Má's rud é go bhfuil "Xanghai" mar theideal ar an alt ar an Vicí Catalóinise, is mar gheall ar é a bheith in úsáid cheana ag cainteoirí na teanga ar na nuachtáin, insna téacsleabhra scoile, srl. Ní fíor sin i gcás na Gaeilge, áfach. "Shang-hai" atá ag Focal.ie agus in Atlas do scoileanna na hÉireann, mar shampla. "Shanghai" a bhíonn ag Beo.ie i gcónaí.
Taighde bhunaidh no OR atá i gceist, mar sin--chum tú féin é. B'fhéidir gur leagan maith atá agat. Thig le duine sin a dhéanamh in áit eile, (le toil eagarthóra, de ghnáth!), ach ar an Vicipéid, níl aon údarás againn focail nua a chumadh. Chomh luath agus a deirimid go "molaimid" focal, ainm, leagan nua, táimid imithe thar fóir. Lig do na daoine ag Focal.ie a leithéid a dhéanamh. Thig leat lobby-áil leo ar a shon. Seans maith go bhfuil do leagan féin (nó leagan eile) i gcló, agus ansin thig leat é (nó iad) a luadh insan alt. Ach is léir gur Shang-hai/Shanghai an gnáthleagan i nGaeilge faoi láthair. SeoMac (talk) 05:40, 6 Lúnasa 2012 (UTC)[reply]

Go raibh maith agat as mé a fhreagairt. Tá fíor-bhrón orm as a bheith fíor-bhaimbearnach leat faoi seo, agus tuigim do thaobhsa den díospóid anois. Nílim ach ag iarraidh an Ghaeilge a choimeád bheo, agus tionchar an Bhéarla uirthi a laghdú ionas go mbeidh sí lá éigin amach as seo ina teanga phríomha d'Éireann. Nílim ag rá nach dtacaíom Seangháí, ach d'fheidhm an Vící seo, cúlóidh mé siar leis. GRMA


Shang-hai nó Shanghai ar Tearma.ie agus Focloir.ie TGcoa (plé) 10:16, 28 Eanáir 2018 (UTC)[reply]