Plé:Príomhroinn Shasana

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An ceart an ceann seo a athainmníodh "an Phríomhroinn"? Sin an leagan atá ag focal.ie. Antóin 13:48, 3 Aibreán 2008 (UTC)[reply]

Úsáideann RnaG "Príomhroinn Shasana". B'fhéidir gurb é sin an ceann is fearr - beidh gá idirdhealú a dhéanamh idir thíortha eile ar aon nós. Nmacu 14:04, 3 Aibreán 2008 (UTC)[reply]
Sin fíor, idirdhealú de dhíth fosta cinnte. Athróidh mé an teideal anois in aon chor. GRMA. --Antóin 14:32, 3 Aibreán 2008 (UTC)[reply]
Is aistriúchán dhíreach é "Príomhroinn" ar "Premiership", ach ní ghlaotar an "Premiership" air a thuilleadh. Anois glaotar an "Premier League" air i ngach teanga, agus ní eisceacht í an ghaeilge. Footyfanatic3000 10:28, 16 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]
Bhuel, úsáidtear Príomhroinn sna meáin Gaeilge (mar shampla ar RnaG). Is é Premier League an t-ainm oifigiúil gan dabht, ach úsáideann lucht na Gaeilge an focal Príomhroinn. Caithfidh go mbeidh an dá leagan ann. --Antóin 17:46, 25 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]
Chun an fhírinne a rá cloiseann mé daoine ag úsáid an dá ainm chomh maith ach ní ceart "Príomhroinn" a úsáid mar ní aistrítear ainmneacha léigeanna san Eoraip, mar shampla glaoimid an "Bundesliga" ar an léig Gearmánach cé go gcialaíonn sé "Léig na Poblachta", glaoimid an "Serie A" ar an léig Iodáileach cé go gcialaíonn sé "Sraith A", glaoimid an "La Liga" ar an léig Spáinneach, téann an liosta ar aghaidh. Ba chóir tagairt a dhéanamh do "Príomhrionn" ar an leathanach, b'fhéidir, ach go cinnte tá sé ceart an teideal a choimeád mar "Premier League", fiú má bhfuil sé chun fanacht i líne leis na Vicipéideanna eile. Ar aon nós ghlan mé a lán leathanaigh suas a raibh na mílte ainmneacha difriúla acu ar "Premier League".--Footyfanatic3000 21:19, 25 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]
Is ainm comhlacht é an Premier League. Mar sin, caithfidh ar an leathanach fanacht ag Premier League. --MacTire02 23:35, 25 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]
Aontaím libh, nílim a rá nach bhfuil Premier League an t-ainm ceart, agus caithfidh é a bheith ann, mar teideal an ailt agus an chomhlacht. Ach, nach bhfuil luach ag an leagan Gaeilge áit éigin san alt freisin, m. sh. "Is blah blah blah é an Premier League (ainm oifigiúil Premier League, nó Priomhroinn Shasana mar a tugtar air as Gaeilge)". Tá leagan Gaeilge in úsáid againn sa teanga, agus mar sin tá luach ag baint leis. Nílim a rá go bhfuil an leagan Gaeilge níos tábhachtaí ná an leagan oifigiúil, ach tá áit ag an dá leagan san alt.--Antóin 06:13, 26 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]
Ach inné bhí "Príomhroinn" curtha isteach san alt chomh maith.--Footyfanatic3000 15:21, 26 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]
Aha, bhuel, gabh mo leithscéal, léifidh mé an t-alt an chéad uair eile :) --Antóin 19:07, 26 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]