Plé:Peadar de Bhulbh

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Smaoineamh. B'fhéidir gurbh gharmhac Peadar de Bhulbh é Sven-Göran de Bhulbh ar imigh go dti an tSualainn chun monarchan gluaisteán a bhunú. Ach i ndiaidh a bháis, d'athraigh na Sualannaigh ainm an ghluaistáin ó Bhulbhó go Volvo. Sean an Scuab 11:33, 17 Aibreán 2007 (UTC)[reply]

A Phanu, a chara, caithfidh mé a admháil gur cheapas féin suas an téarma "Buidéal Bulbhach" ach an fheadar an bhfuil aithne ag éinne (na mílte mílte ceimiceoirí gairmiúla a bhfuil an Ghaeilge ó dhúchais acu ina measc!) faoin ngléas sin sa lá atá inniu ann? Agus an fheadar an bhfuil aon slí eile ann chun an focal "Woulfe" a aistriú go Gaeilge nuair a úsáidtear mar adaidiacht sa Bhéarla é? An bhfuilimid ag argóint faoi líon na n-anigeal ag rinnce ar ghob biorra ... Sean an Scuab 16:27, 16 Aibreán 2007 (UTC)[reply]

Tuigim, a Sheáin, ach mar sin féin, tá mé den tuairim gur chóir réamhshampla a fháil den úsáid aeo i bhfoinse údarásúil éigin. Le fírinne, ní fhaca mise aon sampla roimhe sin d'aidiacht a bheadh bunaithe ar cheann de na sloinnte Norman-Fhrancacha a thosaíonn le "de", agus tá do thuairim faoin rud seo chomh maith le mo thuairim féin, ach ina dhiaidh sin is uile, cuireann an leagan sin "Bhulbhach" cineál míchompord orm. An téarma sin "Woulfe bottle", an bhfuil aistriúchán oifigiúil de curtha ar fáil in aon fhoclóir? Panu Petteri Höglund 15:51, 16 Aibreán 2007 (UTC)[reply]

In eisceachtaí mar an cás seo, is ceart an shéimhiú a úsáid mar is litir ar leith é an "bh" i gcásanna áirithe (m.sh. nuair a úsáidtear in aistriúchán "v" nó "w" ó theangacha eile é). B'fhéidir gur ceat "v" a úsáid in áit an "bh" ach litríodh leagan Gaeilge an sloinne "de Bhulbh" i gcónaí le "bh". Sean an Scuab 14:30, 16 Aibreán 2007 (UTC)[reply]

Má úsáidtear an leagan "an Buidéal Bulbhach", ba chóir gan an b- a shéimhiú ansin. Ainmfhocal firinscneach é "buidéal", agus ní shéimhíonn sé an aidiacht a thagann sna sálaí aige.Panu Petteri Höglund 11:10, 16 Aibreán 2007 (UTC)[reply]