Jump to content

Plé:Mersia

Page contents not supported in other languages.
Cuir topaic leis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Latest comment: 1 bhliain ó shin by Ériugena in topic Ainm

Ainm

[athraigh foinse]

A @Ériugena — an bhfuil aon bhunús leis an litriú "Mersia"? Níl a fhios agam an bunlitriú éigin é sin nó iarracht é a Ghaelú? Mholfainnse cloí le "Mercia"; féach https://www.tearma.ie/q/Mercia%20na%20nDanar/ mar shampla. kscanne (plé) 12:10, 10 Aibreán 2024 (UTC)Reply

Tabharfaidh tú faoi deara gur chuir mé 'Mercia' leis an alt, maratá san leagan Breatnaise!

Mar is eol duit, bíonn an logainm stairiúil "Mersia" in úsáid sa Bhreatnais, ó bhí an Mheánaois ann! Tagann an fhréamh *mereg- ón Phróit-Ind-Eorpais, a chiallaíonn "imeall, teorainn ". Sean-Ghaeilge mruig (talamh críche).

Ar an drochuair tugtar Mercia na nDanar (Danish Marcia) ar Marcia i dTearma.ie (mirable dictu) gan aon fhaisnéis a thabhairt faoin inscne ná an díochlaonadh!

Tuigim go bhfuil 'Mersia' baininsceanach sa Bhreatnais!(Tagairt:https://geiriaduracademi.org/?lang=en )

Is féidir leat a fheiceáil ón léarscáil thíos, go raibh Cymru (Cymry) san iarthuaisceart, fad is a bhí Lloegyr san oirdheisceart!

Níl na teorainneacha cruinn anaithnid, ach creideann roinnt scoláirí go síneann an teorainn ó Inbhear Humber go dtí an tSabhrainn, gan Corn na Breataine agus Devon san áireamh.

Britain.peoples.original.traditional

Tá sé i gceist agam an t-ábhar seo a phlé le logainm.ie, sé sin logainmneacha stairiúla na Breataine Móire, nuair a bhfuair na treibheanna barbaracha seilbh ar Provincia Britannia.

Idir an dá linn, ní dóigh liom gur cheart dúinn sodar i ndiaidh lucht an Bhéarla, agus na leaganacha reatha Béarla a úsáid, gan beann dá laghad a bheith againn ar na leaganacha dearbhaithe sa Bhreatnaise? Ériugena (plé) 15:54, 10 Aibreán 2024 (UTC)Reply

GRMMA. Maidir le "Mar is eol duit..." thuas — níor eol dom ar chor ar bith! Ar aon nos, tá mé sásta leis an ainm Breatnaise ar ndóigh. Tá mé idir dhá comhairle maidir le séimhiú, etc. a dhéanamh ar fhocail ó na teangacha Ceilteacha eile, ach is pointe beag é sin. kscanne (plé) 16:00, 10 Aibreán 2024 (UTC)Reply
Maith thú...D.V. codlóidh mé go sámh anocht!Ériugena (plé) 21:14, 10 Aibreán 2024 (UTC)Reply