Plé:Mark Meadows

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

a d’fhóin mar[athraigh foinse]

Kevin a chara, Caithfidh nach maith leat 'a d’fhóin mar'!

Féach ar https://www.gaois.ie/en/corpora/monolingual/?Query=d%E2%80%99fh%C3%B3in&SearchMode=exact&PerPage=50, agus ar https://www.teanglann.ie/en/fgb/f%c3%b3in Ériugena (plé) 19:37, 1 Iúil 2022 (UTC)[reply]

Is féidir "fóin" a úsáid sa chaoi sin, cinnte, ach séard atá i gceist leis níos minice ná rud a dhéanann cúis éigin, seachas duine in oifig éigin (i mo thuairimse). Sin an bhrí atá sna samplaí Gaois den chuid is mó (nó "fón póca"!)... Kevin Scannell (plé) 20:10, 1 Iúil 2022 (UTC)[reply]
Féach;
  • Government and Administration Serve 'd'fóin ar choiste' (Tagairt: https://www.tearma.ie/q/serve/)
  • "D’fhóin sí go dílis gan staonadh do leas na tíre ina cuid oibre."(Máire Ní Cheallaigh. Irisleabhar Mhá Nuad 2014, 3-22. Liam Prút.)
  • "Bhí mac leis, fosta, William A (1820-1875) a d'fhóin mar phéintéir fosta, rath air freisin go dtí gur cailleadh é i Sasana 1875."(Mangarae: Éireannaigh agus ealaín Mheiriceá. An tUltach 92 (4), 19. D Ó Maol Blagaide.)
  • "Ina aitheasc, dúirt an tAthair Pádraig Keenan gur eiseamláir a bhí sa Gharda Golden, fear uasal a d'fhóin don phobal le fonn agus le bród."(Sochraid Stáit an Gharda Golden) Ériugena (plé) 10:30, 2 Iúil 2022 (UTC)[reply]