Plé:Lucsamburg

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Arís, is gá réiteach a chur ar ainmneacha na dtír - Frainc, nó an Fhrainc, (leis an ainm République Française i mbosca an ainm oifigiúla), Gearmáin, nó an Ghearmáin, agus ´Ríocht Aontaithe, nó an Ríocht Aontaithe.

Ba chóir iad seo a chur in ord aibítre F, G, agus R, san ord sin, leis an dá ainm ag tús an ailt. Agus is gá, sílim, don príomh teideal agus don innéacsú a bheith faoi F, G agus R don trí thír seo.

I gcás Éireann, sílim, mar a deirim i bhfabht-thuairiscí, gur chóir dos na h-ailt Éire' agus Poblacht na hÉireann, ar a laghad, a shá faoi E. Ní fheicim réiteach eile. Nó an mian linn a bheith ag cuardach na dtír faoi Poblacht Daonlathach na..., Poblacht na..., an..., na...., Ríocht an..., Ríocht Ioslamach an..., srl. Tá cupla heisceacht ann, ar ndóigh, mar an Ríocht Aontaithe, (na h)Eimearáit Aontaithe Arabacha, agus mar sin de, nach ndéanann ciall gan úsáid na foirme oifigiúla.Meabhar 17:59, 14 Aug 2004 (UTC)

  • Tá gach ciall ann, sa cás seo. Cén fath go gcaithfear alt ar bith a "shá" faoi litreacha? Is ciclipéid leictreonach í seo, le innéacsú agus naisc leictreonach(a) - más mian leat alt áirithe a fháil, bain úsáid as an mbosca cuardaigh. Tá liosta leathanaigh de réir ord ailbítreach ann ar an suíomh, ach ní úsáidtear é mar innéacs. -- Gabriel Beecham 20:10, 14 Aug 2004 (UTC)

Ón leathanach Sacsbhéarla ar "Archduke": "Archduke (Erzherzog) is a title distinct from Grand Duke (Großherzog or Großfürst), used in some other German royal houses and still in sovereign Luxemburg." Mar gheall air sin ní ceart "Ard-diúc" a thabhairt ar mhonarc na Lucsambúirge. Sílim gur chóra "Mór-dhiúc"/"Mór-dhiúcacht" (ar aon dul le "Mórmhaor").Murchadh 23:05, 29 Mí na Samhna 2009 (UTC)