Plé:Ionsaí scine agus círéib i mBÁC, 2023

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

saothar nach beag[athraigh foinse]

Tá saothar nach beag ag baint leis an méid atá scríofa. Faraor tá an Ghaeilge breac le hearráidí de gach sórt, an chomhréir go háirithe.

Bheadh sé i bhfad níos éasca úsáid a bhaint as foinsí as Gaeilge, Nuacht RTÉ srl

Beidh gá le hathscríobh.

Ciarán TGcoa (plé) 13:14, 24 Samhain 2023 (UTC)[reply]

Tá an t-alt aistrithe anois agam ón leagan Béarla, súil agam go n-oireann sé. Níor bhacas leis na foinsí a athrú go fóill. Splatterxl (plé) 21:49, 26 Samhain 2023 (UTC)[reply]

Níl an teideal pioc sásúil... b'fhéidir "Ionsaí scine agus círéib i mBÁC, Samhain 2023" ? TGcoa (plé) 14:30, 24 Samhain 2023 (UTC)[reply]

Faraor ní thuigim mórán anseo. Mholfainn an chuid is mó den alt a scriosadh agus tosú as an nua. Rud aisteach — ní dóigh liom gur ríomhaistriúchán é seo.
  • "An 2023 Corraíl Bhaile Átha Cliath a tharla mar eachtra de dhíbirt shibhialta" (?)
  • "tar éis dóibh bheith scuabtha" ?
  • "tiománaí mífhoghlaimeach"
  • "neamhluaithiúlacht"?
  • "ceangailte le teirir" (sceimhlitheoireacht?)
  • "ag caitheamh toradóirí agus buitléirí ar na hoifigigh"
  • "urlárphort a bheith ag cur scuaineanna frithmhigréine"
  • "facsó farraige iomlán a bhí ag glacadh le haon-choiste ceangailte le deiseanna an deisghrúpa" ?!
srl srl... kscanne (plé) 13:50, 25 Samhain 2023 (UTC)[reply]
Déarfainnse an teideal a athrú go "Círéib Bhaile Átha Cliath 2023" nó a leithéid chun a bheith ag teacht leis an leagan Béarla. Ní raibh ann ach círéib amháin, mar sin ní oireann "Círéibeacha". Splatterxl (plé) 19:13, 26 Samhain 2023 (UTC)[reply]
Táim chun an t-alt a athainmniú chuige seo muna bhfuil cur ina choinne ag éinne roimh amárach Splatterxl (plé) 20:29, 27 Samhain 2023 (UTC)[reply]
An-sásta leis sin mar theideal. Agus bheadh fáilte romhat an téacs féin a ghlanadh, nó ábhar dothuigthe a scriosadh. GRMA. kscanne (plé) 22:52, 27 Samhain 2023 (UTC)[reply]