Plé:Haváí

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ní aontaímse le húsáid an fhocail ¨Haváí¨[athraigh foinse]

Ní focal Béarla é ¨Hawaii¨ ach focal Hawaiian. É sin ráite, cén fáth is gá dúinn é a Ghaelú? Ní gá.

Ach fós, ní Gaelach fiú é an focal ¨Haváí¨ maidir le litríocht, leis an fhírinne a rá, mar níl aon ¨V¨ sa Ghaeilge agus is annamh a fheictear síneadh fada dúbailte (ach amháin le focail ar nós ¨croíúil¨) Agus ní thosaíonn focail Gaeilge le H riamh, ach amháin i gcúrsaí gramadaí. Béarlachas atá ann gan amhras.

Is léir gur cheart an t-ábhar a cheartú - go ¨Hawaii¨. Agus mise ag déanamh an argóint seo - leanfaidh mé ar aghaidh le gearán a dhéanamh faoi na hábhair eile ar an Vicipéid (Béarlachas atá san ainm sin freisin) ar nós ¨Beárbaiciú¨, ¨Alasca¨, ¨Capabára¨, srl srl srl. Ní focail Gaelacha iadsan - níl iontu ach masla atá á dhéanamh ar an nGaeilge - dar liomsa. 209.68.73.124 17:47, 15 Nollaig 2022 (UTC)[reply]