Plé:Fosúchán nítrigine

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feicim ar focal.ie go bhfuil an téarma seo dímholta agus go bhfuil fosú nítrigine molta ina áit. Le meas, Nmacu 15:00, 21 Aibreán 2008 (UTC)[reply]

Feicim sin! Níl míniú nó tagairt faoi seo áfach. Tá 'fosúchán amóiniam' agus 'fosúchán carbón' ag focal.ie, ach níl siad dímholta freisin. De réir Acmhainn.ie/termai/bith.htm (Foclóir Bitheolaíochta) tá 'nitrogen fixation fosúchán m1 nítrigine'. Tá an 'Foclóir Talmhaíochta agus Déiríochta/Dictionary of Agriculture and Dairying 1987' ag tabhairt le fios ...'fosúchán fir1 carbóin' carbon fixation.Sa 'Foclóir Glas/Environmental Terms' tá ...'fosúchán fir1 nítrigine' nitrogen fixation. Bhí an téarma 'fosúchán nítrigine' i Scrúdú na hArdteiste 2001 (EOLAÍOCHT TALMHAÍOCHTA).Tá 'fosúchán nítrigine' sa leabhair Bitheolaíocht Shinsearach ( An Gúm)

Éóg1916 22:28, 21 Aibreán 2008 (UTC)[reply]

Is cinnte gur fearr cloí leis mar sin. Is minic go mbíonn sé ag tarlú go n-athraítear téarma in áit amháin ach go gcloítear le leagan eile in áit eile. Is comhartha maith don teanga é go bhfuil ár leithéid ag tabhairt na n-eisceachtaí seo faoi deara agus muid ag iarraidh na téarmaí seo a úsáid. Bail ó Dhia ar an obair. Nmacu 08:54, 22 Aibreán 2008 (UTC)[reply]