Plé:Contaetha i nGeorgia

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fuaimniú[athraigh foinse]

Conas a fuaimnítear "i nGeorgia" as Gaeilge? Nach fearr "i Georgia" a scríobh? -- MacCambridge (plé) 07:25, 24 Meitheamh 2017 (UTC)[reply]

Ní fearr. Fuaimnítear é díreach mar a fhuaimnítear 'i ngeois'. (Má tá eolas fé fhuaimeanna na Gaolainne uait, tá sé le fáilt ón suíomh so: http://fuaimeanna.ie/ga/.) Maidir leis an litriú, áfach, sílim gur chóir 'Contaetha in Georgia' a scríobh - ar aon dul le 'in Éirinn' -, cé nach mar san a fhuaimnítear é. Felo de Me (plé)

Gabh mo leithscéal, sílim go tá an ceart ar fad agaibh. Ceartóidh mé anois go díreach! GRMA. Réaltaeolais (plé) 15:50, 24 Meitheamh 2017 (UTC)[reply]

Is é "in Georgia" an roghas is fearr. Má tá cruth na Gaeilge ar ainm nó ar fhocal eile, lean an gnáthriail: i gCárna, i dTóiceo, in Indreabhán, in Eabhrac ('i' le consan ina dhiaidh, 'in' le guta). Mura bhfuil, nó má's teideal atá i gceist, ba chóir "in" a úsáid: in Georgia, in Chichester, in Les Misérables, in Cré na Cille. Sin de réir na rialacha sna leabhair. Ach nílimid chomh dian sin anseo, tá súil agam, nach féidir i + urú a úsáid má tá cuma nádúrtha air: i mBrooklyn, sílim. É sin i dtéacs, agus ní i dteideal. SeoMac (plé) 19:59, 24 Meitheamh 2017 (UTC)[reply]