Plé:Contae Chill Mhantáin

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Níl "Brí Chualann" ar léarscáil nó in atlas ar bith. B'fhéidir go raibh "Brí Chualann" an t-ainm "ceart", ach tugtar "Bré" air anois. Déanann an siopa leabhar "Cúpla Focal" é sin agus iad lonnaithe i mBré. "Duibhlinn" an t-ainm "ceart" ar Bhaile Átha Cliath, ach nílimid chun sin a úsáid mar phríomhainm. Evertype 13:11, 8 Sep 2004 (UTC)

Arís, tá eolas agamsa gur é Brí Chualann an tainm ceart. Ní bheinn ag brath ar atlas i gcóir gach ainm ceart. Cheapfainn gur leisce a bhí ar dhuine éigin sa rialtas nó sa chomhairle contae, nach mbacfadh an ainm ceart Gaeilge a scríobh.

Ainm ceart ainm schmeart. BHÍ Brí Chualann in úsáid, b'fhéidir, ar an áit sin. TÁ Bré in úsáid go coitianta ann. Úsáideann an siopa leabhar Cúpla Focal ann an t-ainm Bré. Atlas, léarscáil, foilseacháin de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis, busanna, fógraí, agus gach uile rud ach b'fhéidir seanchomhartha atá ag úsáid Bré. A little realism, folks. It's an encyclopaedia, not a manifesto for Gaelic purity. Evertype 23:33, 21 Sep 2004 (UTC)

An mbeidh gearranta ar ár gcuid ainmneacha eile anois, chun iad a bheith slachtmhar nó ar aon dul leis na cinn Béarla? Muna mbacaimid leis an ainm ceart, úsáidimís an ainm Béarla! Meabhar 17:15, 8 Sep 2004 (UTC)
Tá Brí Chualann le feiceáil ar sean-chomhartha in aice le mo theach - ach tá 'fhios agam gur foinse suarach na comharthaí sráide i mBaile Átha Cliath (!) An féidir teagmháil a dhéanamh leis An Brainse Logainmneacha Rialtais? --Gabriel Beecham

Is mór an cuma an bhfuil "Bré" an t-ainm stairiúil nó an t-ainm "ceart". I ngach áit oifigiúil, i ngach atlas, i ngach foilseachán de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis, an Gúm, ar na busanna srl srl, níl ach "Bré" le feiceáil. Ní fiú "Gaelic purism" a thacú sa Vicipéid, i mo thuairimse. Evertype 15:09, 20 Sep 2004 (UTC)

Labhair mé le Nicholas Williams inniu. Dúirt sé gur ainm na háite sin é "Bré", agus baineann "Brí Chualann" le háit eile. Rinne an Coiste Logainmneacha staidear éigean ar an ainm. Is fíor go bhfuil "Brí Chualann" in Eolaí an Phoist 1955 agus 1969, ach tá "Bré" in Eolaí an Phoist 1982. Níl a fhios agam cathain ar athraíodh an t-ainm go hoifigiúil idir 1969 agus 1982, ach athraíodh é ar aon chaoi. B'fhéidir go bhfuil "Bré" níos sine ná "Brí Chualann" agus cuireadh ar ais é mar ainm sna 1970í. Evertype 18:05, 22 Sep 2004 (UTC)

Seafóid. Tá Brí Chualann ag an Duinníneach, agus tá fios an ainm sin ag pobal na Gaeilge. Tugann sé 'Brae' mar mhalairt air. Caithfidh tú foinsí níos fearr a thaispeáint domsa ná eolaithe poist, busanna agus comharthaí Átha Cliath agus atlas, agus táim cinnte go bhfuilid ann, fiú muna bhfuilid idir lámha agam. Agus más in áit eile atá Brí Chualainn, cá bhfuil sé go díreach. Is gá foinsí. Agus beidh mé á gcuardach. Theastódh foinse cheart, fiú más ón Ollamh Mac Liam a thagann an scéala chugainn. Agus tá abhras orm faoi na ráitisí thuas - ainm a bheith scríofa i ngach aon áit, ní ionann sin agus é "bheith in úsáid". Meabhar 18:34, 30 Sep 2004 (UTC)

Bhuel nach argóint amadach eile eadrainn.... Cad is féidir a rá? Tá an leagan oifigiúil "Bré" i láthair na huaire. San atlas (foilsithe ag an Gúm). Sa ghaisitéar (foilsithe ag an Suirbhéireacht Ordanáis). Ar na busanna (comharthaí poiblí_. Is "Bré" atá an fhírinne atá romhainn i láthair na huaire. Foinse: féach ar Joyce "Irish names of places" iml 1, lch 390. Bré < Brí ~ Bree cf Scottish Brae. Evertype 23:17, 2 Oct 2004 (UTC)

Tá abhras mór orm faoin ainm "Bré" fós. Tá an focal "bre" sa Bhreatnais, sa Bhriotánais agus sa Choirnis, agus bhí sé i seanteanga na "Gauls". Ach Brí a bhí sa Ghaeilge i gcónaí. Tá sé sin an-soiléir i bhfoclóirí an Raghallaigh, an Duinnínigh (féach an liosta foclóirí Gaeilge a thosaíos, le nasc ón alt Gaeilge) agus freisin i saothar léannta a chuir an Dublin Institute for Advanced Studies agus Centre National de la Récherche Scietifique amach. Sa saothar deiridh sin, "Lexique Étymologique de l'Irlandais Ancien (Lettre B)", faoi eagar ag J. Vendrys, is soiléir gur shean fhocal Gaelach é "brí" nó brigh, atá gaolta le "bre" sa p-Cheiltis, agus gur chnoc, nó sleasán cnoic, an brí atá leis, ach uaireanta páirc nó maigh. Agus tá ainmneacha eile in Éirinn, ar nós Brí i gContae Loch Garman (Bree as Béarla) a thugann le fios dúinn nach gá gur ón mBreatnais "Bre" a thagann an focal Bray. Agus táim fós ag feitheamh le scéala ar cár áitigh tusa, a Evertype, nó an tOllamh, Brí Chualann, seachas sa bhaile sin atá i gceist anseo.
Maidir leis an gceist seo ar athrú ainm, ní féidir mórán a dhéanamh má chuireann duine eastát tithíochta ar bun i seanbhaile, agus ainm nua a thabhairt air. Ach ní athraíonn ainm baile ar fad sa tír seo, fiú má chuireann comhairlaithe contae agus eile droch-leaganacha suas. Ní i Meiriceá atá Brí Chualann. Rinne na Gaill praiseach go leor dár logainmneacha, seachas sinn féin a bheith á milleadh. An rud ar léir domsa ná go bhfuil iontaoibh mór agat i bhfoclóirí, gazateers, agus ábhar eile rialtaise agus scoile. Ach má táimid chun teacht ar réiteach cheart ar ainmneacha cearta, is ceart foinsí cearta a bheith againn. Ar ndóigh, cailleadh an Ghaeilge sa chuid is mó den tír de réir a chéile le 800 bliain, ach níor cailleadh ainmneacha na mbailte. B´fhéidir go bhfeictear duitse gur "aragóint amadach" é seo, ach tugann sé droch-ainm don suíomh nuair nach féidir linn ainmneacha cearta na mbailte a chur isteach. Fiú sa Wiki Béarla, tá ainmneacha cearta bailte na hÉireann, cé gur chuidigh mé leis. Feictear domsa gur tú féin amháin atá ag tacaíocht leis an ainm seo "Bré" ar an suíomh. Cad chuige nach gcuireann an tOllamh é féin scéala chugainn má tá tuairim aige.
Tá sé ar intinn agam dul go Leabharlann Poiblí Nua-Eabhraic, agus féachaint ar "Joyce Mór", ach ní cosúil go dtí seo gur focal Gaelach, fiú, é "Bré". Go dtí sin,ba chóir an dá ainm a thabhairt gan tuairimíocht nó rogha a thabhairt eatarthu mar seo - Brí Chualann nó Bré, agus tuairimí agus plé a bheith sa lch plé amháin. Ach is fearr liom fanúint agus breithiúnas an phobail Ghaelaigh agus na Gaeilge a fháil air seo, m.sh. tríd an "Gaelic-L list". Meabhar 17:07, 6 Oct 2004 (UTC)



AN tORDÚ LOGAINMNEACHA (FOIRMEACHA GAEILGE) (UIMH. 1) (POSTBHAILTE) 1975.
...
CONTAE CHILL MHANTÁIN.
...
Bray : Bré (g. Bhré)
http://www.irishstatutebook.ie/
-- Picapica 10:26, 2 Iúi 2005 (UTC)