Plé:Cogadh Cathartha na hÉireann

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Caithfidh duine éigin an t-alt seo a chur ar aon leibhéal leis an ábhar ó thaobh na stíle de, agus ós rud é nach ndealraíonn sé go bhfuil aon duine eile sásta ach gearán a dhéanamh, caithfidh mise an obair a dhéanamh, mar is gnách. Go dtreoraí Dia mo lámh. Panu Petteri Höglund 08:37, 22 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Dia dár réiteach. Tá cuid den scéal seo chomh dothuigthe is go gcaithfidh mé é a athscríobh ó bhonn. Uaireanta, tá mé cineál tuirseach den tseanfhocal sin "is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste". Is é an Ghaeilge chliste an rogha is fearr amuigh, agus bheinn breá sásta dá mbeadh sé de dhíograis i gcuid de na daoine seo litríocht éigin a léamh sa teanga sula dtiocfaidh siad anseo ag fágáil lorg a lámh ar an gciclipéid seo. Panu Petteri Höglund 17:55, 25 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Tá sé beagnach críochnaithe anois. Sílim nár mhiste tuilleadh pictiúirí a chur leis an alt. Anyone? Panu Petteri Höglund 21:14, 7 Bealtaine 2006 (UTC)[reply]

Tá an oiread sin de mhionbhotúin CMALANT fágtha san alt seo is go gcaithfidh mé athbhreithniú dian a dhéanamh air. Panu Petteri Höglund 09:49, 25 Iúil 2006 (UTC)[reply]

Proinsias Mac Aodhagáin vs Proinsias Mac Aogáin[athraigh foinse]

Proinsias Mac Aodhagáin vs Proinsias Mac Aogáin - Nach bhfuil "Mac Aogáin" níos fearr, nó níos coitianta ná "Mac Aodhagáin"? An Tóin Mór 19:09, 25 Iúil 2006 (UTC)[reply]

Ceapaim go bhfuil an ceart agat. Ceapaim go bhfuil "Mac Aodhagáin" ina macasamhail le "Egan". (Agus tá "Aogáin" =~ "Aiken). Féach anseo, agus anseo freisin. Guliolopez 19:32, 25 Iúil 2006 (UTC)[reply]

Ceart go leor, grma a Ghuliolopez! Athróidh mé é anois. An Tóin Mór

An bhfuil aon údarás agaibh leis an bhfoirm "Mac Aogáin"? Is é "Mac Aodhagáin" an leagan a bhí ag Risteard Ó Glaisne ina leabhar faoi Chonchúr Crús Ó Briain, agus b'fhearr liom údaráis chlóbhuailte a fheiceáil leis an leagan "Mac Aogáin". Tá a fhios agam gurb é "Mac Aogáin" an fhoirm is cóngaraí do phrionsabail litrithe an Chaighdeáin, ach is fearr cloí leis na foinsí clóbhuailte ná leis an gCaighdeánú nuair atá ainm pearsan i gceist - nó is féidir go raibh a thuairimí féin ag an duine sin faoi fhoirm cheart Ghaelach a ainm is a shloinne, nuair a bhí sé féin beo.

Sin é an tuige, dála an scéil, nár athraigh mé féin "Éinrí Ó Beóláin" go h-"Annraoi Ó Beoláin", siúd is go mbeadh an dara leagan acu níos cóngaraí don Chaighdeán. Panu Petteri Höglund 20:56, 25 Iúil 2006 (UTC)[reply]

Anois, chuir mé "Mac Aodhagáin" ar ais ansin. Níl mé do bhur lochtú ar aon nós, nó tá an dá bh'fhéidir ann, ach tá an t-ainm le fáil ina lán áiteanna sa téacs, agus ba chóir go mbeadh an téacs iomlán loighciúil i dtaobh fhoirm an tsloinne seo de. Ní leor é a athrú in aon áit amháin.

An leabhar leis an nGlaisneach ina raibh "Mac Aodhagáin" le fáil, bhí sí scríofa i bhfad i ndiaidh teacht an chaighdeáin, agus mar sin, ní féidir an leagan sin a chaitheamh i dtraipisí mar "sheanleagan", dar liom. Bhí "Mac Aodhagáin" in úsáid fiú i ré an chaighdeáin. Panu Petteri Höglund 21:23, 25 Iúil 2006 (UTC)[reply]

Dia dhaoibh arís. Chun na fírinne a rá, níl aon eolas údarásach agam faoi seo. Rinne mé cúpla cuardach ar an idirlín, agus b'é "Mac Aogáin" an ceann a úsáidtear níos minic. Ach táim sásta an ceann eile a fhágáil san alt anois. Is féidir liom athainmníodh a dhéanamh ón alt Proinsias Mac Aogáin atá againn cheana féin. An Tóin Mór

Cheapaim go bhfuil an "taifead oifigiúil" sna "Archive of Historical Dáil debates" (mar shampla: historical-debates.oireachtas.ie - Dáil Éireann - Volume 182 - 08 June, 1960 - Committee on Finance. - Vote 53—External Affairs) níos oifigiúil ("more authoratative") ná aon foinse eile! Sna taifid sin, úsáidtear Aire Gnothai Eachtracha (Proinsias Mac Aogáin). Cheapaim mar sin de, go bhfuil "Mac Aogáin" níos cruinniú. Agus caithaim mo vóta (excuse the pun) le "Proinsias Mac Aogáin". Guliolopez 13:41, 27 Iúil 2006 (UTC)[reply]