Plé:Cúcabarra

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bosca Sonraí Ainmhí Bheo[athraigh foinse]

Táim ag cur an leathanaigh seo in eagar le dhá lá anuas agus cuid mhaith den eolas atá le fáil as Béarla curtha leis go fóill. Anuas ar sin ba mhaith liom eolas níos fearr ó thaobh an BSAB a chur leis, ach níl ag éirí liom fáil amach cén chaoi arbh fhéidir á dhéanamh go fóill, mar sin táim ag cur na réamhoibre a chruthaigh mé anseo théis dom á ghoideadh ó leathanach eile nach raibh a mBSAB uath-chruthaithe amhail an chinn seo.

Teimpléad:TaxoboxAn Sionnach Rua (plé) 13:20, 4 Deireadh Fómhair 2023 (UTC)[reply]

Focal Béarla faoi nach bhfuilim cinnte[athraigh foinse]

Buille faoi thuairim ag éinne cén Ghaeilge ab fhearr ar an ainmfhocal "archnemesis". Is é "ard-neimisis" an Ghaeilge a bhaist mé air in áit aon téarma ní b'fhearr ach ní thaitníonn sé liom ar chor ar bith. An Sionnach Rua (plé) 15:45, 29 Samhain 2023 (UTC)[reply]


'an namhaid is mó atá aige' a mholfainn Eomurchadha (plé) 16:50, 29 Samhain 2023 (UTC)[reply]

Togha fir, glacfaidh mé leis an chomhairle mar sin. Míle buíochas. An Sionnach Rua (plé) 21:26, 29 Samhain 2023 (UTC)[reply]
deargnamhaid  ? coitianta go leor https://www.focloir.ie/ga/dictionary/ei/deargnamhaid TGcoa (plé) 20:40, 20 Márta 2024 (UTC)[reply]

Alt a athrú ó leathanach síl go gnáthleathanach[athraigh foinse]

Tá gach píosa eolais atá sa leathanach Bhéarla curtha leis an alt Ghaeilge agam anois. An Sionnach Rua (plé) 13:45, 13 Nollaig 2023 (UTC)[reply]

Cén chaoi ar féidir cládagram a chur le halt?[athraigh foinse]

Ta cládagram le fáil ar an leathanach Bhéarla ach ní féidir liom teacht ar aon theimpléad Gaeilge. Ba mhór liom é dá bhféadfadh éinne á mhíniú dom. An Sionnach Rua (plé) 14:31, 13 Nollaig 2023 (UTC)[reply]

Ceapaim nach bhfuil Teimpléad:Cladogram againn ar an Vicipéid faraor. Ach chuir an cheist ar na riarthóirí Kevin Scannell / Alison TGcoa (plé) 20:47, 20 Márta 2024 (UTC)[reply]