Úsáideoir:An Sionnach Rua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Vicipéid:Baibéal
ga-3 Is féidir leis an úsáideoir seo cuir leis an Vicipéid le hardleibhéal Gaeilge.
en-3 This user is able to contribute with an advanced level of English.


de-3 Diese Person hat sehr gute Deutschkenntnisse.
gd-1 Tha inbhe bhunasach de Ghàidhlig aig an neach-cleachdaidh seo.

Leathanach Úsáideora An Sionnach Rua

Is as Tamhlacht Mhaolruain dom ó dhúchas, baile atá ar imeall na hardchathrach in Éirinn. Níor tógadh leis an Ghaeilig mé ach is mór an chabhair a bhí inti dom im shaol ó thosaigh mé á foghlaim. D'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar an scoil ar dtús agus ar an ollscoil ar lean, áit ar bhain mé céim amach sa Nua-Ghaeilge agus sna Léinn Ghearmáinise. Tá canúint measctha agam, a bhfuil rianta de Ghaeilge Chonamara agus Gaeilge Uladh le brath inti chomh maith le rianta beaga bídeacha den eolas a bhí le fáil faoin chanúint tréigthe a labhraíodh i mo cheantar dúchais. Bainim úsáid as an chaighdeán oifigiúil agus mé i mbun eagarthóireachta ar an tsuíomh seo agus mé ag cruthú ábhar di chomh maith.

Tá suim ar leith agam sa teangeolaíocht, sa dúlra, sna healaíona comhraic agus sa tíreolaíocht agus is ar leathanaigh a bhaineann leis na téamaí seo a fheicfidh tú mo lorg as seo amach.