Plé:Beannachtaí Reiligiúnda na Gaeilge

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

déithe Daoibh

Dia dhaoibh a chairde, la cúnamh Dé beidh sibh á léamh seo agus an aimsir bhreá fós linn, mar a dhiabhail

Is minic go ndeirtear agus daoine ag cáineadh na teanga gur teanga reiligiúnda nó chaitliceach í. Ba dheacair a rá nach bhfuil an Ghaeilge faoi anáil na Críostaíochta. 'Buíochas le Dia', 'Dia is Muire dhuit', 'Dia leat', agus an sampla is coitianta agus is mó a chuireann as dom(is do shlua líonmhar chomh maith braithim) ná 'Dia dhuit'. An bhfuil aon leagan eile ann dúinn? Den chuid is mó úsáideann an t-aos óg 'Aon scéal?', Scéal', 'Conas atá?', 'Cúrsaí?' 'Craic?, 'Aon chraic?' in áit an fhrása sin. Baintear feidhm as 'Hé', 'Haigh', 'Haileó', 'Bhuel' agus 'Bhal' chomh maith.

Níl smid amhrais ann ach go bhfuil 'Dia dhuit/dhaoibh' ag éirí an-fhoirimiúil. Is fíor go n-úsáidtear 'Dia dhuit' fós, ach is i suíomhanna foirmiúla is minice a chloisfeá anois é, agus ag cainteoirí níos sinne ach go háirithe. Is fíor gur cuid dhílis den teanga é 'Dia dhuit', ach tá sé iomlán neamhbhalbh faoi chreidiúint san aondia spéire úd. Mothaím míchompordach á rá. Is cuimhin liom ag beannú do fhear sna triochaidí uair, le 'Conas atá?' an nós a bhíodh agus atá agam fós ar an gcuid is mó. Thug sé an 'nós óg ainchreidmheach' air go leathmhagúil.

Má chaitheann tú súil ar theangacha eile, rud annamh don aonteangach Éireannach, thuigfeá nach comhcheilg Ghaelach atá ann áfach. I nGearmáinis na Baváire deirtear 'Gruss Gott', (Is mór Dia), sa Spáinnis deirtear 'adios (chun Dé), 'adieu' sa Fhraincis (chun Dé) arís. Sa tSeirb tá an focal Iodálach 'ciao' tar éis an ruaig a chur ar na focail 'zdravo' and 'dobar dan' i measc na n-óg. Ceann de na frásaí is coitianta ar fad ar domhan, is dócha, ná 'goodbye', agus ó 'God bye' a thagann seo. Sa Ghaeilge áfach, is follasaí go mór leithéidí 'Dia dhuit' agus dóibh siúd nach gcreideann i sprideanna mar sin is deacair gan smaoineamh air sin is tú á rá. Teastaíonn frása eile ina áit mar sin. Cad a déarfá le; 'Móra duit/daoibh(ar maidin/um thráthnóna)', 'Hóra' (neamhfhoirimiúil) 'Lá breá' (cineál magúil), 'Sé do bheatha' agus 'Go maire tú' nó 'Go raibh míle maith agat' mar fhreaga? Nó cén locht atá ar 'Maith an fear / Maith an bhean' is 'Maith thú féin' mar fhreagra?

Táthar ann a déarfadh nach féidir teanga a athrú nó fiú dá bhféadfaí ceann a athrú nár chóir. Ach mar atá feicthe againn sa Ghaeilge le focail ar nós 'banaltra' agus 'bangharda' atá beagnach imithe as faoi seo, uaireanta déantar cinneadh comhfhiosach éirí as leaganacha áirithe cainte. Is amhlaidh an scéal sa Bhéarla áit a bhfuil banleaganacha roinnt focal ar nós 'actress' á thréigean go tréan. Sa Ghaeilge tá leithéidí 'féintruailliú' agus 'ginmhilleadh' ann, is ní mó ná sásta atá go leor daoine fúthu, is iad ag moladh 'glacaireacht' agus 'forcheannadh toirchis' mar mhalairt orthu.(Pléadh an téarma 'ginmhilleadh' ar An Tuairisceoir le déanaí)

Táim míshocair leis an nath 'le cunamh Dé' chomh maith céanna.

Le tamall d'úsáideas 'Bail ó Dhia is ó Dharwin ort' leis an dá thrá a fhreastail; an dúchas agus an saol atá dulta chun cinn air sin, ó am go chéile. Go magúil nó le beagán den diabhlaíocht a d'úsáid mé féin é agus feicim go bhfuil molta ag daonna eile(go lán-mhagúil) 'Darwin duit' agus 'Darwin is Dawkins duit'. Pé rud a oireann duit féin! Cainteoir cathrach mise as Bleá Cliath, is mé sna fichidí, tógadh leis an dá theanga oifigiúla mé agus Gaeilge an phríomhtheanga agam, seans nach dtiocfadh daoine eile leis na tuairimí thuas faoin úsáid ach seo an treocht ghinearálta a bhraithim.