Beannachtaí Reiligiúnda na Gaeilge
Ar nós go leor teangacha eile tá Beannachtaí Reiligiúnda na Gaeilge sa Ghaeilge. Is minic go ndeirtear agus daoine ag cáineadh na teanga gur teanga reiligiúnda nó Chaitliceach í.
- 'Buíochas le Dia'
- 'Dia is Muire dhuit'
- 'Dia leat'
- 'Dia dhuit'.
Leagan in áit “Dia dhuit”
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 'Dia dhuit/dhaoibh' ag éirí níos foirimiúla. Is fíor go n-úsáidtear 'Dia dhuit' fós, ach is i suíomhanna foirmiúla is minice a chloisfeá anois é, agus ag cainteoirí níos sine ach go háirithe. Má chaitheann tú súil ar theangacha eile. I nGearmáinis na Baváire deirtear 'Gruss Gott', (Is mór Dia), sa Spáinnis deirtear 'adios (chun Dé), 'adieu' sa Fhraincis (chun Dé) arís. Sa tSeirbia tá an focal Iodálach 'ciao' tar éis an ruaig a chur ar na focail 'zdravo' and 'dobar dan' i measc na n-óg. Ceann de na frásaí is coitianta ar fad ar domhan, is dócha, ná 'goodbye', agus ó 'God bye' a thagann seo.
Deir roinnt go dteastaíonn frása eile in áit Dia Dhuit.
- 'Móra duit/daoibh(ar maidin/um thráthnóna)'
- 'Hóra' (neamhfhoirimiúil)
- 'Lá breá' (cineál magúil)
- 'Sé do bheatha'
- 'Go maire tú'
- 'Go raibh míle maith agat' mar fhreaga
- Maith an fear / Maith an bhean' is 'Maith thú féin' mar fhreagra
Úsáideann an t-aos óg beannachtaí éagsúla go minic
- 'Aon scéal?'
- 'Scéal'
- 'Conas atá?'
- 'Cúrsaí?'
- 'Craic?
- 'Aon chraic?'
- 'Hé'
- 'Haigh'
- 'Haileó'
- 'Bhuel'
- 'Bhal'
Ach mar atá feicthe againn sa Ghaeilge le focail ar nós 'banaltra' agus 'bangharda' atá beagnach imithe as faoi seo, uaireanta déantar cinneadh comhfhiosach éirí as leaganacha áirithe cainte. Is amhlaidh an scéal sa Bhéarla áit a bhfuil banleaganacha roinnt focal ar nós 'actress' á thréigean go tréan. Sa Ghaeilge tá leithéidí 'féintruailliú' agus 'ginmhilleadh' ann, is ní mó ná sásta atá go leor daoine fúthu, is iad ag moladh 'glacaireacht' agus 'foirceannadh toirchis' mar mhalairt orthu.
'Bail ó Dhia is ó Dharwin ort'
Go magúil nó le beagán den diabhlaíocht a úsáidtear 'Darwin duit' agus 'Darwin is Dawkins duit'.