Plé:Ann Clwyd

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Kevin, a chara,

Bhí an t-aistriúchán seo beagnach críochnaithe agam agus bhí sé i gceist agam na profaí a léamh ach chuir tú isteach ar na himeachtaí. Ar an drochuair, níl a fhios agam conas an bosca gainimh a úsáid!

I.S. Thosaigh mé an obair seo ag thart ar 3:30 i.n. inniu! Ériugena (plé) 15:51, 23 Iúil 2023 (UTC)[reply]

Is féidir leat an uirlis aistriúcháin féin a úsáid mar bhosca gainimh — ná cliceáil "Publish" go dtí go gcreideann tú go bhfuil an t-alt ag leibhéal sách maith.
An bhfuil tú réidh leis an gceann seo anois? Má tá, abair liom agus bheinn sásta píosa eagarthóireachta a dhéanamh air. kscanne (plé) 17:49, 23 Iúil 2023 (UTC)[reply]

"She (Ann Clwyd) spoke only Welsh until the age of five and remained an advocate of the language, later securing European funding for its encouragement and taking the parliamentary oath in Welsh and English." (Tagairt:https://www.theguardian.com/politics/2023/jul/23/ann-clwyd-obituary Ann Clwyd obituary)

Má fhoilsíonn neach alt neamhiomlán, cailltear na tagairtí srl! Sin é an fáth gur theastaigh uaim é a chríochnú ag an aon chuairt amháin.

Mar sin, mholfainn duit ailt nuachruthaithe a fhágáil ar líne ar feadh 24 uair an chloig ar a laghad, ionas go mbeadh go leor ama fágtha ag duine chun aon earráidí follasacha srl a iniúchadh agus a bhaint.

Toisc go raibh mé beagán trína chéile faoi do chuid tuairimí, dhún mé an ríomhaire agus chuaigh mé a chodladh go luath! Tá súil agam go mbeidh an t-alt críochnaithe chun do shástachta inniu ..am éigin san iarnóin D.V.

Ériugena (plé) 10:40, 24 Iúil 2023 (UTC)[reply]
Gabh mo leithscéal — ní raibh mé ag iarraidh cur isteach ort ar chor ar bith. Admhaím go bhfuil an-fhrustrachas orm mar gheall ar an líon altanna ríomhaistrithe nó gan seiceáil/eagarthóireacht ar bith atá fós ann. Tá mé ag déanamh mo dhícheall ruaig a chur ar an stuif sin, ar fud an tsuímh, le roinnt míonna anuas. Ach, aontaím le do mholadh... ba chóir dom altanna nua a fhágáil agus deis a thabhairt do dhaoine iad a fheabhsú, go háirithe na daoine a bhfuil taithí fhada acu. kscanne (plé) 11:49, 24 Iúil 2023 (UTC)[reply]
B'fhéidir go bhfuil mé rud beag goilliúnach, go raibh maith agat as an leithscéal!
B'fhéidir gur féidir liom lámh chúnta a thabhairt duit....má sheolann tú cuid acu chugam bainfidh mé triail as! Ériugena (plé) 15:21, 24 Iúil 2023 (UTC)[reply]
Go raibh maith agat as an tairiscint, ach ba mise a roghnaigh an tasc uafásach seo — mar sin is ormsa an chros a iompar! Bheinn an-sásta dá mbeifeá in ann an t-alt seo agus na cinn eile a aistríonn tú leis an uirlis aistriúcháin a ghlanadh go cúramach, sa chaoi go mbeidh mé in ann díriú ar na heagarthóirí nach bhfuil mórán Gaeilge acu. Tá cáilíocht Google Translate i bhfad níos fearr anois, ACH tá go leor fadhbanna fós ann — san alt seo, feicim rudaí ar nós "fuip an pháirtí" in áit "aoire", srl., agus abairtí eile nach féidir liom a thuiscint gan an t-alt Béarla a cheadú... "tar éis dom ceannaire an pháirtí Ed Miliband agus mé féin a chur ar an eolas", "Féach fir shredded, ansin a rá nach bhfuil tú ag cogadh ar ais". (Tuigim nach bhfuil eagarthóireacht déanta agat ar an gceann seo fós... nílim ag iarraidh ach laigí an chórais aistriúcháin agus an tábhacht a bhaineann le hiar-eagarthóireacht chúramach a léiriú) kscanne (plé) 16:56, 24 Iúil 2023 (UTC)[reply]
Maidir le: "fuip an pháirtí" in áit "aoire",
Tá "Parl: a Aoire m. b Fógra m fuipe ar fáil ag URL: https://www.teanglann.ie/en/eid/whip.
Tá a leithéid agus 'cuip' i nGaeilge na hAlban agus 'chwip' sa Bhreatnais. 'ceangal aoireachta' ag https://www.tearma.ie/q/whip/.
Ní dóigh liom go n-úsáidtear an téarma 'aoir' sa ngnáthchomhrá in Éirinn?
Roinnt samplaí;
"Áiféiseach' ag an Lucht Oibre fuip vótála a chur i bhfeidhm ar bhille nua faoi éalang mharfach féatais a deir Clare Daly." (Tagairt: https://www.rte.ie/news/nuacht/2015/0210/679097-aifeis-phairti-an-lucht-oibre-daly/)
"D’éirigh leis an gComhrialtas sa vóta den rún díshealbhaithe sa Dáil aréir, d'fhógair an Comhaontas Glas go raibh an fuip caillte ag an Teachta Dála Neasa Hourigan, ar feadh 15 mí mar gur vótáil sí i gcoinne an rialtais sa rún." (https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/22229484/) Ériugena (plé) 18:18, 24 Iúil 2023 (UTC)[reply]
"Is dóigh liom, fiú, go nglacann siad le fuip an pháirtí sin." (Tagairt: Smaointe Polaitíochta. Feasta 58 (3), 4-5. Pádraig Mac Fhearghusa).
"D’fhógair an Taoiseach tráthnóna go raibh cathaoirleacht Choiste Tithíochta an Oireachtais bainte den Teachta Dála Maria Bailey de bharr na conspóide ach go bhfágfaí aici fuip an pháirtí(https://tuairisc.ie/cathaoirleacht-coiste-oireachtais-bainte-de-maria-bailey-ach-i-le-fanacht-i-bhfine-gael/)." Ériugena (plé) 18:18, 24 Iúil 2023 (UTC)[reply]
Spéisiúil, grma. Ach is é "aoire" amháin a chloisim ar Raidió na Gaeltachta, agus is é sin an leagan amháin ar focloir.ie agus téarma.ie. kscanne (plé) 19:09, 24 Iúil 2023 (UTC)[reply]