Plé:An Muileann gCearr

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

A Nmacu, ní ghlacaim leis gurb ionann 'conspóideach' a thabhairt ar Michael O'Leary agus a bheith claonta. Bíonn go leor conspóide ag baint leis agus leis an aerlíne a bhfuil sé i gceannas air; sin fíric nach féidir a shéanadh, bíodh sé maith nó olc. Níor thug mé aon bhreithiúnas ar a chumas ná ar a chirte mar dhuine daonna ná mar fhear gnó; is cinnte go mbeadh sé sin 'claonta'. Ach ní hionann an dá chás - Rí na Vicipéide.

A Rí, a chara, Is focal sách láidir é 'conspóideach' a úsáid faoi dhuine gan aon tagairt a thabhairt i liosta tagairtí an ailt. Bhreathnóinn féin ar mar fhocal atá diúltach ach déarfainn nach n-aontódh gach duine liom faoi sin. B'fhearr liom féin focal ar nós 'eisceactúil' a úsáid faoi dhuine le léiriú nach leanann siad gnáthrialacha an tsaoil (ar nós O'Leary) ach pé slí, sílim go bhfuil gá aidiacht den chineál sin a chosaint trí thagairt a thabhairt a chruthaíonn go bhfuil sé sin fíor agus ní dóigh liom féin gur leor alt nuacháin a labhraíonn faoi "controversial Ryanair CEO Michael O'Leary". Is POV é sin a théann i gcoinne treoirlínte na Vicipéide (en:Wikipedia:Neutral_point_of_view). Le meas, Nmacu 11:28, 8 Aibreán 2008 (UTC)[reply]
Rud beag eile, bheinn tar éis an moladh a dhéanamh ar an leathanach plé seachas an t-alt a athrú ar an bpointe boise dá mba rud é gur thuig mé gur úsáideoir de chuid na Vicipéide a rinne an t-athrú. Nuair a chonaic mé seoladh IP faoi "Athruithe is déanaí", shíl mé gur duine fánach a rinne mé an t-athrú agus b'shin an fáth gur athraigh mé an t-alt gan comhairle a lorg. Le meas, Nmacu 11:53, 8 Aibreán 2008 (UTC)[reply]

--Navbar--

Cad a tharla don Navabar a bhí ar an dtaobh dheis den leathanach?

Agus, más féidir é a chur ar ais, an féidir le duine daonra ceart an bhaile (ó Daonáireamh 2016) a chur ar?

Úsáideoir:Darren J. Prior

Go raibh maith agat Alison. :) Darren J. Prior (plé) 21:19, 24 Aibreán 2022 (UTC)[reply]