Pilséar
Jump to navigation
Jump to search
Iasc beag, cosúil le scadán, a mhaireann go forleathan sna huiscí dromchlacha, flúirseach in áiteanna in oirthuaisceart an Aigéin Atlantaigh is an Mheánmhuir. Suas le 25 cm ar fhad. Scothghlas/gorm ar an taobh uachtarach, airgeadach ar an taobh íochtarach. Iasc tábhachtach trádálach, a stánaítear don mhargadh de ghnáth. Tugtar sairdín air freisin.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |