Pictiúr nó dealbh altóra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San eaglais Chríostaí, scannán péinteáilte nó snoite a chuirtear os cionn an altóra, a aghaidh amach ar an bpobal. Tá na samplaí is ársa ann ón 10ú céad. Mar shampla, ordaíodh an pala d'oro in Ardeaglais Mharcais i Veinéis i 1105, agus cuimsíonn sé saothair as ór is cruan, le dealbha snoite de Chríost, aingil, naoimh is amhairc as an Tiomna Nua. Is diptic pictiúr altóra le dhá phainéal, agus is triptic ceann le 3 phainéal. An-chuid díobh in eaglaisí na Meánaoise déanaí is na hAthbheochana. Leis an Reifirméisean, cuireadh deireadh leo sna tíortha Protastúnacha agus scriosadh an-chuid. Sna tíortha Caitliceacha leanadh leis an nós agus rinneadh pictiúir altóra sómasacha sa tréimhse Bharócach, Rubens, Caravaggio is van Dyck gníomhach ina bpéinteáil, is Bernini ina snoí. Faoi seo, le haltóirí simplí san eaglais Chaitliceach, tá an ealaín seo ag imeacht as radharc.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Pictiúr nó dealbh altóra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 517.