Piaras Mac Gearailt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPiaras Mac Gearailt
Beathaisnéis
Breith1709
Básc. 1792
82/83 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Saolaíodh Piaras Mac Gearailt (1709 – c.1795) i mBaile Uí Chionnfhaolaidh, i bparóiste Chill Modhomhnóg in oirthear Chorcaí.[1] Bhí gustal ag a mhuintir tráth ach is beag de sin a bhí fágtha nuair a fuair Piaras sealúchas a shinsear. D’iompaigh sé ina Phrotastúnach le greim a choinneáil ar an sealúchas sin, rud a ghoill go mór air. B’annamh a théadh sé chun an teampaill. Chum sé an liodán ‘Tréithe na Maighdine Muire’ mar chúiteamh ar an bhfaillí a bhí déanta ag an gcreideamh gallda i máthair Chríost, dar leis. Maireann cúig aisling pholaitiúil leis[2] ach is sé an dán seacaibíteach ‘Rosc Catha na Mumhan’ is mó a tharraing cáil air.

Bhí aithne aige ar a lán filí eile: Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, Donnchadh Rua Mac Conmara, Éamonn de Bhál, Seán Clárach Mac Domhnaill agus eile. Thugtaí ‘Ard-Sirriam Leithe Mogha’ air, agus chaith sé caoga bliain ina cheann comhairle ar Chúirt na mBúrdún, cúirt filíochta a thionóltaí ina theach féin. Sa bhliain 1791 thug sé ‘Bata na Bachaille’, comhartha Ard-Sirriam Chúirt na mBúrdún, dá chomhfhile, Éamonn Ó Flaithbheartaigh[3]. Faoin am sin bhí sé ina chónaí in aice lena iníon phósta i gContae Phort Láirge[4]. Cuireadh é i mBaile Mhac Óda timpeall na bliana 1795.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC GEARAILT, Piaras (1709–c.1792) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Ó Foghludha, 1905; Ó Cróinín, 2007
  3. Ó Foghludha, 1905
  4. Ó Conchúir, 1982

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-alt seo bunaithe ar alt le Ciarán Ó Gealbháin: ‘Piaras Mac Gearailt, Máire Ní Dhonnagáin agus ’Bata na Bachaille’ in Iarthar Déise’. An Linn Bhuí, 2011 (eagrán 15), lgh 167-73.

Féach freisin
  • Ó Conchúir, B.. Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1982.
  • Ó Cróinín, B.. ‘Filíocht Sheacaibíteach Phiarais Mhic Gearailt’ in Eighteenth Century Ireland / Iris an Dá Chultúr 22 (2007): 164-88.
  • Ó Foghludha, R.. [Fiachra Éilgeach] eag. Amhráin Phiarais Mhic Gearailt. Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge, 1905.