Philippe de Thaon
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1100 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | luach anaithnid 923/924 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir |
Tréimhse oibre | (Floruit: 12 haois) |
Teangacha | An Fhraincis |
Manach agus file Angla-Normannach a mhair ag tús na 12ú haoise ab ea Philippe de Thaon nó de Thaun.
Is insan Normainn, i réimeas Anraí I Shasana, a chaith Philippe de Thaon a shaol. Thart ar an mbliain 1119, do chum sé Comput nó Livre des Créatures (Gaeilge: 'Leabhar na gCréatúr'), dán teagascach fésna reanna neimhe agus fé conas an féilire a ríomh. Do chum sé Lapidaire, saothar fésna clocha, leis. Is é an saothar is cáiliúla dá chuid, áfach, ná a Bhestiaire (Gaeilge: 'Míolsheanchas'), leabhar fésna hainmhithe. Do thiomnaigh sé an leabhar san don ndara bean a bhí ag Anraí I Shasana, Aelis Lobháin, agus dá bharr san is féidir linn a rá gur scríobh sé é idir an bhliain 1121 (.i. an bhliain inár pósadh Anraí agus Aelis) agus an bhliain 1135 (.i. an bhliain ina bhfuair Anraí I bás).
Le cois na leabhar luaite seo thuas, deirtear gur scríobh Philippe de Thaon leagan próis de Livre de Sibile (Gaeilge: 'Leabhar Shibile').
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |