Phasmida

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ord feithidí móra le colainneacha is géaga sínithe (cipínigh), nó colainneacha is géaga leata, cosúil le duilleoga (duillínigh). Suas le 30 cm ar fhad. Timpeall 2,500 speiceas ann. Itheann siad uile duilliúr. Scaipthe den chuid is mó i réigiúin thrópaiceacha is fhothrópaiceacha.