Pentrefelin, Conwy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilPentrefelin, Conwy

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°15′09″N 3°47′47″W / 53.2525°N 3.79627728°W / 53.2525; -3.79627728
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta Aontaithean Bhreatain Bheag
Contaebhuirg na Breataine BigeConwy
SráidbhaileLlansanffraid Glan Conwy Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistLL28 Cuir in eagar ar Wikidata
Le haghaidh áiteanna eile den ainm céanna, féach Pentrefelin (idirdhealú).

Sráidbhaile i bpobal Llansanffraid Glan Conwy, Bwrdeistref Sirol Conwy (Gaeilge: Buirg Chontae Conwy) is ea Pentrefelin (gearrthóg fuaime Pentrefelin, Conwy.ogg) [1] Tá sé suite ar an A470 i nDyffryn Conwy (Gaeilge: Gleann Conwy), timpeall míle ó dheas ó lár pharóiste Llansanffraid Glan Conwy ar an mbealach go Llanrwst. Uaireanta tugtar Pentre’r Felin (Gaeilge: Sráidbhaile an Mhuilinn) ar an mbaile beag .

Tá an sráidbhaile ainmnithe as sean-mhuileann atá anois ina ábhar spéise do thurasóirí. Ritheann Nant-y-garreg-ddu, craobh den Chonwy, trí Pentrefelin. Trasnaíonn seandroichead an A470 an abhainn ar imeall Phentrefelin.

In aice leis an sráidbhaile tá Coed Ffordd-las, suíomh sainspéise eolaíochta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Logainmneacha na Breataine [1]