Peiptídigliocán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Polaiméir is ea peiptídigliocán, ar a dtugtar múirein, comhdhéanta de siúcraí agus aimíonaigéid, a dhéanann ciseal cosúil le mogalra lasmuigh den chillscannán den chuid is mó de na baictéir, rud a chuimsíonn an cillbhalla. Is éard atá sa chomhábhar siúcra ná iarmhair mhalartacha de β- (1,4)  N-aicéitil-glúcósaimín (NAG) nasctha agus aigéad N-aicéitil-múramic (NAM). Tá slabhra peiptíd de thrí go cúig aimíonaigéad ceangailte leis an aigéad N-aicéitil-múramic. D'fhéadfaí an slabhra peiptíde bheith trasnasctha le slabhra peiptíde de shnáithe eile chun ciseal mogalra tríthoiseach (3T) a dhéanamh.[1] Bíonn ról struchtúrtha ag peiptídigliocán sa chillbhalla baictéarach, ag tabhairt neart struchtúrtha, chomh maith le bheith ag gníomhú in aghaidh bhrú osmóisigh an chíteaplasma. Míthuiscint choitianta is ea í go dtugann peiptídigliocán cruth don chill; mar sin féin, cé go gcuidíonn an peiptídigliocán le neart struchtúrtha na cille a choimeád, i ndáiríre is í an phróitéin MreB a réitíonn cruth na cille.[2][3][4] Tá peiptídigliocán páirteaí i eamhnú le linn athghiniúna na cille baictéaraí.

Struchtúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Peiptídigliocán

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]