Paul Berry

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaul Berry
Beathaisnéis
Breith3 Meitheamh 1976
47 bliana d'aois
Craigavon, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 2ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
21 Feabhra 2006 – 30 Eanáir 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)

Ball den 2ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
26 Samhain 2003 – 20 Feabhra 2006 (exclusion from a political party (en) Aistrigh)


Ball den 1ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
25 Meitheamh 1998 – 28 Aibreán 2003 (díscaoileadh na parlaiminte)


Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Aontachtach Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

 

Polaiteoir aontachtach i dTuaisceart Éireann is ea Paul Berry (3 Meitheamh 1976 a rugadh é). Bhí sé ina Chomhalta den Tionól Reachtach d'Iúr agus d'Ard Mhacha ó 1998 go 2007. Tofa mar iarrthóir de chuid an Pháirtí Aontachtach Daonlathach (PAD), d'fhág Berry an páirtí sa bhliain 2006 le suí mar Aontachtóir Neamhspleách tar éis scannal faoina ghníomh gnéis más fíor le suathaire fir in óstán i mBéal Feirste. [1]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Berry i gCraigavon, Contae Ard Mhacha, agus tógadh é i dTóin re Gaoith, áit ar cuireadh oideachas air i scoileanna agus i gcoláistí stáit áitiúla, agus ina dhiaidh sin bhí sé fostaithe i dtionscal na teicstíle. Chuaigh sé isteach sa Pháirtí Aontachtach Daonlathach (DUP) nuair a bhí sé 16 bliana d'aois, an aois chéanna inar thosaigh sé ag canadh soiscéal i séipéil i gceantair Ard Mhacha Thuaidh agus Dhroichead na Banna .

Gairmréim pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lena ardphróifíl mar amhránaí, toghadh Berry, a bhí 22 bliain d'aois, an Comhalta den Tionól Reachtach (CTR) is óige sa chéad Tionól i dTuaisceart Éireann mar ionadaí de chuid an DUP do thoghcheantar an Iúir agus Ard Mhacha i dtoghchán 1998 agus atoghadh é i dtoghchán 2003.

Toghadh é ar Chomhairle Cathrach agus Ceantair Ard Mhacha in 2001, agus atoghadh é i dtoghcháin 2005. [2]

In olltoghchán 2005 ba é Berry iarrthóir an DUP do thoghcheantar an Iúir agus Ard Mhacha. Nuair a bhris an scéal faoi theagmháil ghnéasach líomhnaithe le suathaire aerach sa nuachtán Sunday World, d’éirigh Berry as an DUP tar éis é a bheith curtha ar fionraí ón bPáirtí. [3] The story damaged Berry's reputation as an anti gay Christian fundamentalist. [4]

Ball gníomhach den Ord Oráisteach, bhí Berry ar eite thraidisiúnta, bhunúsach an DUP. I dtoghchán tionóil 2007 sheas sé mar iarrthóir Neamhspleách, i gcoinne pholasaí an DUP, a bhí i bhfabhar Comhaontú Chill Rímhinn a chur i bhfeidhm, ach theip air a bheith tofa. [5]

Leanann Berry ar aghaidh ag seinm mar amhránaí gaspal, agus tá trí chnuasach eisithe aige. Tá sé pósta ar Lorna agus anois ag obair i dTóin re Gaoith mar ghníomhaire eastáit áitiúil.

In 2011 toghadh é mar iarrthóirn neamhspleách Aontachtach ar Chomhairle Cathrach agus Ceantar Ard Mhacha .

In 2019, ghnóthaigh Berry suíochán mar aontachtóir neamhspleách i gComhairle Buirge Chathair Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Unionist quits after masseur allegations" (en-GB). The Guardian.
  2. "Armagh-City and District Council". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Samhain 2007. Dáta rochtana: 10 Samhain 2023.
  3. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk.
  4. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en-GB). The Guardian.
  5. "Ex-DUP man fails in Stormont bid".