Patrick Smyth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Bhí an tAthair Patrick Smyth (Pádraig Mac Gabhann) (1824 – 1865) ina scoláire clasaiceach agus Gaeilge a bhí páirteach i gceannairc Eureka in órcheantar Ballarat in Victoria na hAstráile sa bhliain 1854.

Rugadh Smyth i mBéal an Átha i gContae Mhaigh Eo. Bhain sé Melbourne amach ina shagart sa bhliain 1852 agus cuireadh é chun Ballarat sa bhliain 1854, trí bliana roimh an éirí amach a tharla san órcheantar mór ann. Bhí na sluaite mianadóirí ann as gach cearn den domhan agus mórán Éireannach ina measc. Bhí siad míshásta le costas na gceadúnas mianadóireachta agus le drochiompar na bpóilíní: tugadh drochíde do Gregorius, searbhónta martraithe Airméineach Smyth féin. Bhí muinín ag na mianadóirí as Smyth agus toghadh é mar dhuine den triúr a chuaigh chun cainte le Robert Rede, ceann an Choimisiúin Ríoga a ceapadh sa bhliain 1854 chun cúiseanna gearáin na mianadóirí a phlé.

Cath Eureka. J. B. Henderson (1854)

Theip ar Rede an scéal a réiteach agus d’ullmhaigh a lán mianadóirí iad féin chun catha i gceantar Eureka faoi cheannas an Éireannaigh Peter Lalor. Tar éis do na saighdiúirí an cheannairc a chur faoi chois thug Smyth Lalor chun a thí féin faoi choim. Bhí Lalor gortaithe agus bhain dhá mháinlia an lámh de i dteach an tsagairt: ansin d’éalaigh sé ó dheas go dtí Geelong.

Nuair a scríobh Raffaello Carboni, ceannaire eile, cuntas ar eachtra Eureka luaigh sé Smyth mar ‘Latin and Celtic scholar’.[1]

Fuair Smyth bás gan iomrá in Sydney in aois a bhliana is daichead ar 14 Deireadh Fómhair 1865.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Raffaello Carboni, The Eureka Stockade, Melbourne University Press 1962, lch 39.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]