Pat Nally

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPat Nally
Beathaisnéis
Breith13 Márta 1857
BásSamhain 1891
34 bliana d'aois
Siocair bháisGalar
Gníomhaíocht
Gairmiomaitheoir lúthchleasaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Ball d’Ardchomhairle Bhráithreachas na Poblachta agus lúthchleasaí mór le rá ó Bhalla, Contae Mhaigh Eo ab ea Patrick (Pat) William Nally (mí an Mhárta 1857 – mí na Samhna 1891). Bhí dhlúthbhaint aige le Mícheál Ó Cíosóig agus iad i mbun bhunú Chumann Lúthchleas Gael thiar sa bhliain 1884. Bhásaigh sé faoi ghlas i bPríosún Mhuinseo mar phionós don pháirt a ghlac sé san eachtra ar a thabharfaí Comhcheilg Chrois Uí Mhaoilíona.

Duine ba shine de sheisear deartháir a bhí ann, mac le feirmeoir rathúil a bhí go mór chun cinn mar náisiúnaí. Bhí sé ina Fhínín óna chéad óige agus eagraí sa Bhráithreachas ag deireadh na 1870idí. Bhí sé i láthair ag bunchruinniú Chonradh na Talún Mhaigh Eo, ar a thabharfaí Conradh na Talún i gceann tamaill. Bhí áit bainte amach aige ar ardchomhairle BPÉ agus an bhliain 1880 ann.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a ainm i mbéal an phobail don chead uair nuair a thosaigh sé ag eagrú eachtraí lúthcheasaíochta ina raibh cead iontrála ag an bpobal ar fad, agus ní ag an Uaisleacht Phrotastúnach amháin. Rinne sé iarracht cumann lúthchleasaíochta náisiúnach a chur ar bhun sa bhliain 1887, rud a sé a i dteagmháil le Mhícheál Ó Cíosóig.

A oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceann de na seastáin i bPáirc an Chrócaigh - ceanncheathrú an chumainn - ainmnithe in ómós dó, mar ata Ardán Mhic an Fhailghe[1].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]