Pastal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar datha i bhfoirm púdair, measctha le beagán guma nó roisín, foirmithe ina shlat, cosúil le crián. Oibríonn an t-ealaíontóir díreach ar an bpáipéar (is féidir go mbeidh bándath air seo) gan aon mheán eile a úsáid. Bhí péintéireacht pastail an-choitianta san 18ú céad, sa bhFrainc go háirithe.