Pas (ciorcad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I dteoiric na gciorcad leictreach, maidir le sruth ailtéarnach (SA), is féidir go mbeidh an sruth is an difríocht poitéinsil as comhphas le chéile. Agus iad araon ag athrú go tréimhsiúil, tarlóidh buaic an tsrutha ag rith trí ionduchtóir nó toilleoir ag am atá difriúil ón am a tharlóidh buaic an difríocht poitéinsil trasna na gcomhbhall sin. Is é sin, bíonn pasdifríocht idir an sruth is an difríocht poitéinsil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Pas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 508.