Parkour
Cineál | Asian martial arts (en) , lúthchleasaíocht, gleacaíocht agus obstacle racing (en) |
---|---|
Cruthú | 1990í |
Tír dhúchais | an Fhrainc |
Is éard atá i gceist le parkour (Fraincis: l'art du déplacement; Gaeilge: Ealaín an díláithriúcháin) ná gníomhaíocht nó spórt a tosaíodh sa Fhrainc. An bhunaidhm atá ann ná bogadh ó phointe A go pointe B chomh héifeachtach agus chomh tapaidh agus is féidir, ag úsáid inniúlacht an choirp go háirithe. Tugann sé cabhair duit, dul thar bacainní sa timpeallacht — ó ghéaga go clocha go ráillí — agus cleachtaítear é faoin tuath agus sna cathracha. Díríonn parkour ar ghluaiseacht éifeachtach le do chorp agus d'aigne a fhorbairt, agus chomh maith leis sin mar chaitheamh aimsire. Traceur a thugtar ar dhuine a chleachtann parkour.
Is gníomhaíocht fhisiciúil é parkour, nach furasta a rangú. Ní spórt guaisbheartaíochta é, ach is ealaín é atá cosúil le féinchosaint na healaíne oscartha.
Gné an-tábhachtach den parkour is ea an éifeachtacht. Ní bhogann an traceur díreach chomh tapaidh agus is féidir ach sa tslí is éasca nó is fuinneamh-íditheach, agus chomh díreach agus is féidir.
Deirtear freisin go bhfuil tionchar ag an parkour ar an tslí ina smaoiníonn traceurs — cabhraíonn sé leo féachaint ar bhacainn fhisiciúil agus smaoineamh ar shlí dhifriúil.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh an Chéad Chogadh Domhanda, thaistil Georges Hébert, iaroifigeach de chuid chabhlach na Fraince, timpeall an domhain, agus i rith a chuairt san Afraic chonaic sé go raibh muintir na dtreibheanna dúchasacha forbartha go fisiciúil le scileanna a bhíonn ag teastáil chun maireachtáil san áit.
Bhí Hébert suite i Saint-Pierre, Martinique, nuair a phléasc an bolcán ar an 8 Bealtaine 1902. Chabhraigh Hébert le héalú agus le tarrtháil na céadta duine ón tubaiste. Chuaigh an eachtra seo go mór i gcion air, agus threisigh sé a tuairim gur cheart scileanna lúthchleasacha a mheascadh le crógacht agus le haltrúchas.
Thosaigh sé ar chorpoideachas a mhúineadh leis an gcoincheap sin agus i rith an dá chogaidh domhanda, leathnaigh sé, agus d'úsáid arm na bhFrancach a chuid tuairimí. Bhí Hébert, mar sin, duine de bhunaitheoirí "le parcour" (bac-chúrsa), a úsáidtear le haghaidh traenála míleata.
Thóg saighdiúirí Francacha inspioráid ó obair Hébert agus chruthaigh siad "parcours du combattant". Thaispeáin Raymond Belle, athair le David Belle a bhí ina shaighdiúir san arm, an cleachtadh seo do David Belle. Bhí taithí ag David Belle ar na healaíona oscartha agus gleacaíocht, agus bhí sé ag iarraidh na scileanna a úsáid ar shlí phraiticiúil sa saol. Rinne sé cleachtadh lena chuid cairde agus i ndiaidh ar ndiaidh bhí siad ag léimt ó dhíon tithe (cé nach rud gnách é seo fiú do traceuranna).
Mar gheall ar an mborradh a bhí faoi parkour ó rud beag i bPáras go gníomhaíocht ollmhór ar fud an domhain, bhí scoilteanna ann, ar ndóigh, ach fós is rud cáiliúil é atá ag fás sa lá atá inniu ann.
Féach Freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |