Jump to content

Pailéichlíomeolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
staidéar ar an aeráid fadó

Is éard atá i gceist le pailéichlíomeolaíocht[1] ná staidéar ar an aeráid a bhí ann na cianta ó shin, agus iarrachtaí mionsamhluithe na bpróisis aeráide a shaothrú. Braitheann sí ar a lán disciplíní acadúla.[2]

Déanann an phailéichlíomeolaíocht staidéar agus cur síos ar na clíomaí ársa ag baint úsáide as eolas ó fhoinsí neamhbhitheacha, cosúil le dríodar ó ghrinneall locha agus croíocháin oighir agus as eolas bitheach cosúil le fáinní crainn agus coiréal.

Aicmiú Köppen[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é aicmiú aeráide Köppen ceann de na haicmí aeráide is forleithne a bhaintear úsáid as. B'é an t-aeráideolaí Gearmánach Wladimir Köppen[3] a d'fhorbair é ar dtús, timpeall na 1900idí. Tá sé bunaithe ar an choincheap gurb é an fásra dúchasach an léiriú is fearr den aeráid.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. i mBéarla, paleoclimatology
  2. Hussey, Matt (2011). "Pailé-aeráideolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 502.
  3. "Wladimir Köppen" (as en) (2024-02-10). Wikipedia.