Pónaí Breatnach
Cuma
Pór capaill ar leith a roinntear de réir méide is crutha. I roinn A (an pónaí Breatnach sléibhe) airde 1.2 m a bhíonn aige; i roinn B airde 1.2-1.4 m; i roinn C bíonn sé cosúil leis an leathchapall Breatnach beag, suas le 1.4 m; i roinn D atá an leathchapall Breatnach, é cruinn gearrchosach liath de ghnáth. An-choitianta mar phónaí do pháistí. Tá pónaí Breatnach Meiriceánach sna Stáit Aontaithe a póraíodh ó ainmhithe Breatnacha.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pónaí Breatnach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 533.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |