Páirc Uí Rinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Páirc Uí Rinn
Sonraí
CineálIonad spóirt
Foirgníocht1957 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1957 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCorcaigh, Éire
SuíomhBaile an Teampaill
Map
 51°53′29″N 8°26′12″W / 51.891378°N 8.436749°W / 51.891378; -8.436749
Gníomhaíocht
ÚinéirCLG Chontae Chorcaí
Suíocháin16,440
SealbhóirCLG Chontae Chorcaí

Is staid spóirt í Páirc Uí Rinn atá suite i mBaile an Teampaill, bruachbhaile in oirthear Chathair Chorcaí.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Flower Lodge ab ea an t-ainm bunaidh a bhí ar Pháirc Uí Rinn a bhí ina pháirc sacair ar imir roinnt maith foirne Chorcaí ón tosach den 20ú chéad. Go háirithe, bhí aghaidh na ndaoine ar Cork Hibernians', a d’éirigh go geal leis sna seascaidí agus na seachtóidí. Bhíodh an 'Lodge' go tráthrialta plódaithe, go speisialta nuair a d’imir Hibs i gcoinne Cork Celtic, foireann eile as an gcathair; briseadh ina gnó iad araon i 1977 agus 1979 faoi seach. Tháinig ionadúchán i 1984 nuair a thosaigh Cork City F.C. ag imirt ag Flower Lodge arís ach bhí orthu aistriú go Turner’s Cross i 1986 nuair a dhíol an Ancient Order of Hibernians, an t-úinéir, Flower Lodge do Cumann Lúthchleas Gael.

Athchóiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug an CLG an t-ainm nua Páirc Uí Rinn ar an staid i gcuimhne Christóir Uí Rinn, an iománaí cáiliúil a d’imir le Corcaigh agus Fánaithe an Ghleanna, agus an iománaí is fearr dá raibh riamh ann. Is í Páirc Uí Rinn an dara staid is mó i gCathair Chorcaí, tar éis Páirc Uí Chaoimh, agus toilleadh 18,000 air. Nuair a cheannaigh an CLG an staid, bhí air na h-ardáin taobh thiar gach cuaille báire a leagan chun fad a chur leis an bpáirc féin mar is riachtanach do chluichí gaelach. Tá plean ann an toilleamh a mhéadú trí fadú an príomhardán agus ardáin seasaimh a chur isteach taobh thiar na cuaille báire. Ba í Páirc Uí Rinn an chéad staid CLG in Éirinn a bhfuair tuilsoilse.