Páipéar leithris
Cuma


Is páipéar bog é páipéar leithris a bhaineann daoine feidhm as chun an t-áthán nó an phit a ghlanadh agus a thriomú tar éis dóibh cac nó fual a dhíchuir.
Déantús
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn sé i gcorna de ghnáth agus is féidir míreanna a réabadh den gcorna gan dua. Uaireanta bíonn boladh breá ar an bpáipéar freisin.
Cuimlítear an t-áthán agus/nó an phit leis an bpáipéar leithris agus caitear an páipéar truaillithe sa leithreas nó i mbruscarán mura bhfuil cead páipéar leithris a chaitheamh sa leithris.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh isteach páipéar leithris dédhualach sa Bhreatain sa bhliain 1942 nuair a osclaíodh St. Andrew's Paper Mill in Walthamstow (páipéar Andrex níos déanaí).[1] Díoladh é i Harrods ar dtús mar chiarsúr.[2] Ba mhór an só an páipéar ag Harrods le linn an Chogaidh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Toilet Roll In London: A Feculent History" (en). Londonist (2020-04-28). Dáta rochtana: 2026-01-04.
- ↑ "History of Andrex | Andrex Puppy born 1972" (en-GB). www.andrex.co.uk. Dáta rochtana: 2026-01-04.