Páidí Ó Lionáird

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPáidí Ó Lionáird
Beathaisnéis
Breith17 Lúnasa 1968
55 bliana d'aois
Cúil Aodha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Twitter: Paidiol Musicbrainz: aa7b8627-8298-47b1-8f22-631320ebb759 Cuir in eagar ar Wikidata
Páidí Ó Lionáird

Is láithreoir teilifíse agus craoltóir é Páidí Ó Lionáird (a rugadh ar 17 Lúnasa 1968 agus as Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí dó ó dhúchas dó). Tá sé ag obair mar Bhainisteoir Cumarsáide in Oifig an Choimisinéara Teanga i láthair na huaire.[1]

Is deartháir é le Iarla Ó Lionáird, amhránaí, Seán (Feirm Factor ar TG4) and Peadar (an comhlacht Folláin).

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Ó Lionáird amach ag obair sna 1990idí le hÓgras i gConradh na Gaeilge, agus ina dhiaidh sin bhí sé bainteach le cúrsaí Gaelscolaíochta.

Thosaigh sé ag obair le TG4 sa bhliain 1997 agus a ansin ‘ar chúl an stáitse’ mar eagarthóir nuachta le RTÉ.

Is mar láithreoir teilifíse a bhain sé cáil amach an chéad lá agus é ina láithreoir ar leithéidí an chláir cúrsaí reatha, 7Lá, agus Ardán, seó cainte a bhíodh ar TG4, srl.[1]

Cuireann sé Gradaim Cheoil TG4 i láthair agus bíonn sé le cloisteáil chomh maith ar an Tour de France ar an stáisiún céanna.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Meadhbh Ní Eadhra (22 Meitheamh 2022). "An craoltóir aitheanta Páidí Ó Lionáird ag fágáil RTÉ" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-01.