Pádraig Ó hÉigeartaigh
Appearance
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Feabhra 1871 |
Bás | 17 Eanáir 1936 64 bliana d'aois Springfield, Massachusetts |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, siopadóir |
Teangacha | An Ghaeilge |
File Éireannach ab ea Pádraig Ó hÉigeartaigh (1871–1936).[1]
As Uíbh Ráthach, Contae Chiarraí ó dhúchas dó, chuaigh Ó hÉigeartaigh ar imirce go Springfield, Massachusetts, nuair a bhí sé ina leanbh. Rinne sé comóradh ar bhá a mhic sé bliana d’aois sa dán Ochón! a Dhonncha a foilsíodh timpeall 1906 in An Claidheamh Soluis, agus a d'aistrigh Pádraig Mac Piarais níos déanaí.
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The New Oxford Book of Irish Verse, pp. 316–317, lch. 407, eag. Thomas Kinsella, Oxford University Press, 1986. ISBN 978-0-19-280192-0.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó hÉIGEARTAIGH, Pádraig (1871–1936) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.