Ospidéal Ginearálta Naomh Lúcás, Cill Chainnigh
Sonraí | |
---|---|
Cineál | ospidéal |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1942 |
Gníomhaíocht | |
Líon leapacha | 285 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Máthaireagraíocht | Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte |
Suíomh gréasáin | http://www.ul.ie/gems/st-lukes-general-hospital-kilkenny |
Is ospidéal poiblí réigiúnda Éireannach é Ospidéal Ginearálta Naomh Lúcás, Cill Chainnigh (Béarla: St. Lukes Hospital Kilkenny Hospital nó SLK agus Kilkenny General Hospital agus Kilkenny District Hospital uaireanta) a fhreastalaíonn ar phobal Cheatharlach, Chill Chainnigh is cuid de phobal Thiobraid Árann. Tá sé lonnaithe i gCill Chainnigh agus bunaíodh sa bhliain 1942 é. Tá seirbhísí Rannóg Éigeandála 24 uaire ann. Sa bhliain 2007 bhí breis is 880 fostaithe ag an ospidéal. Tá sé nasctha le coláistí éagsúla agus bíonn ábhair dochtúirí is altraí ag traenáil ann.
Seirbhísí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 285 leaba san ospidéal. Déantar freastal ar na réimsí leighis seo a leanas ann; leigheas ginearálta, máinliacht ghinearálta, geiriaitric, Rannóg Éigeandála, inchrineolaíocht, cúram maolaitheach, cúram corónach, oinceolaíocht, réamaiteolaíocht, obstatraic, gínéiceolaíocht, péidiatraic, síciatracht agus máinliacht lae.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |