Ospidéal Ginearálta Naomh Lúcás, Cill Chainnigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ospidéal Ginearálta Naomh Lúcás, Cill Chainnigh

Is ospidéal poiblí réigiúnda Éireannach é Ospidéal Ginearálta Naomh Lúcás, Cill Chainnigh (Béarla: St. Lukes Hospital Kilkenny HospitalSLK agus Kilkenny General Hospital agus Kilkenny District Hospital uaireanta) a fhreastalaíonn ar phobal Cheatharlach, Chill Chainnigh is cuid de phobal Thiobraid Árann. Tá sé lonnaithe i gCill Chainnigh agus bunaíodh sa bhliain 1942 é. Tá seirbhísí Rannóg Éigeandála 24 uaire ann. Sa bhliain 2007 bhí breis is 880 fostaithe ag an ospidéal. Tá sé nasctha le coláistí éagsúla agus bíonn ábhair dochtúirí is altraí ag traenáil ann.

Seirbhísí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 285 leaba san ospidéal. Déantar freastal ar na réimsí leighis seo a leanas ann; leigheas ginearálta, máinliacht ghinearálta, geiriaitric, Rannóg Éigeandála, inchrineolaíocht, cúram maolaitheach, cúram corónach, oinceolaíocht, réamaiteolaíocht, obstatraic, gínéiceolaíocht, péidiatraic, síciatracht agus máinliacht lae.