An tOspidéal Náisiúnta Leanaí, Éire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
An tOspidéal Náisiúnta Leanaí, Éire
Sonraí
CineálOspidéal leanaí
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°20′20″N 6°17′56″W / 53.33901°N 6.29889°W / 53.33901; -6.29889
Suíomh gréasáin oifigiúilnewchildrenshospital.ie
Twitter: nch_info Cuir in eagar ar Wikidata
Beidh an t-Ospidéal Náisiúnta Leanaí suite in aice le Ospidéal San Séamas.

Tá ospidéal nua leanaí á thógáil i mBaile Átha Cliath.[1] Beidh an tOspidéal Náisiúnta Leanaí suite in aice le Ospidéal San Séamas. Osclófar é i mí Aibreáin 2025 ar a luaithe.[2]

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá conspóid ag baint le tógáil an ospidéil beagnach ón tús. Bhí sé ina achrann le blianta fada faoi shuíomh an ospidéil seo, an dearadh a bheidh air agus a fheiliúnaí agus a bheidh sé.[3]

I dtuarascáil a chuir iniúchóirí PwC i dtoll a chéile in 2019, dúradh go raibh lochtanna móra ar phleanáil agus ar bhuiséadú an togra. Cáineadh bord an ospidéil sa tuarascáil agus dúradh nár choinnigh na baill súil ar chostais éagsúla mar ba chóir.[2]

Meastar anois gur thart ar €2.25 billiún costas an ospidéil nua. Ach nuair a fógraíodh an togra ar an gcéad dul síos in 2021, dúradh gur €450 milliún a chosnódh sé. Bhí an costas ag méadú go tráthrialta idir 2021-2024. Bhí an milleán faoi sin curtha ar ráta an bhoilscithe, ar an bpaindéim Covid-19 agus ar éilimh gan choinne ón tógálaí BAM.[2]

Páirceáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beagnach míle spás páirceála a chuirfear ar fáil san ospidéal, 575 acu le haghaidh cuairteoirí. Ach tá sé i gceist €10 sa ló ar a mhéad a ghearradh ar dhaoine as páirceáil san Ospidéal Náisiúnta Leanaí. Ábhar conspóide le blianta fada is ea na táillí arda páirceála a ghearrtar ar othair agus ar chuairteoirí in ospidéil ar fud na tíre.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. newchildrenshospital.ie. "Irelands New Children's Hospital". Dáta rochtana: 2024-02-13.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-02-13). "Ospidéal Náisiúnta Leanaí: costas ardaithe €500 milliún" (as ga-IE). 
  3. Máirín Ní Ghadhra (20 Feabhra 2019). "Níl sa rún mímhuiníne san Aire Sláinte inniu ach cuid de gheamaireacht na Dála" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-13.