Jump to content

An tOspidéal Náisiúnta Leanaí, Éire

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
An tOspidéal Náisiúnta Leanaí, Éire
Sonraí
CineálOspidéal leanaí Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 20′ 20″ N, 6° 17′ 56″ O / 53.33901°N,6.29889°W / 53.33901; -6.29889
Suíomh gréasáin oifigiúilnewchildrenshospital.ie
Twitter: nch_info Cuir in eagar ar Wikidata
Beidh an t-Ospidéal Náisiúnta Leanaí suite in aice le Ospidéal San Séamas.

Tá ospidéal nua leanaí á thógáil i mBaile Átha Cliath.[1] Beidh an tOspidéal Náisiúnta Leanaí[2] suite in aice le Ospidéal San Séamas. Osclófar é sa bhliain 2026 ar a luaithe.[3][4]

Nuair a bheas an t-ospidéal críochnaithe, beidh 6,000 spás cliniciúil ann, 380 seomra leapa le haghaidh othair chónaitheacha agus 22 obrádlann.[5]

Ionad Satailít, Ospidéal Náisiúnta na Leanaí, Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Bhlainséir á thógáil in 2019.[6]

Ceapadh Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh (NPHDB) in 2013 chun an t-ospidéal nua leanaí a dhearadh, a thógáil agus a threalmhú.[7]

Tá trí ospidéal leanaí i mBaile Átha Cliath faoi láthair – Cromghlinn, Sráid Temple agus Tamhlacht – agus tá seirbhísí na n-ospidéal sin le haistriú chun an ospidéil nua.

Siúd is go raibh an t-ospidéal sna fonsaí tógála le fada,bhí lá na dlaoi mullaigh á chur siar an t-am ar fad.[8]

Cuimsíonn an tionscadal ospidéal leanaí an príomh-ospidéal ar an gcampas roinnte ag Ospidéal San Séamas agus dhá Ionad Péidiatraiceacha Othar Seachtrach agus Cúraim Phráinne CHI ag Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir, agus CHI i dTamhlacht, chun cúram péidiatraiceach cuimsitheach a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga na hÉireann. Ospidéal náisiúnta oileán na hÉireann a bheidh ann agus é ag freastal ar leanaí agus daoine óga a bhfuil gá acu le cúram speisialaithe agus casta.[7]

Tá conspóid ag baint le tógáil an ospidéil beagnach ón tús. Bhí sé ina achrann le blianta fada faoi shuíomh an ospidéil seo, an dearadh a bheidh air agus a fheiliúnaí agus a bheidh sé.[9]

I dtuarascáil a chuir iniúchóirí PwC i dtoll a chéile in 2019, dúradh go raibh lochtanna móra ar phleanáil agus ar bhuiséadú an togra. Cáineadh Bord an Ospidéil sa tuarascáil agus dúradh nár choinnigh na baill súil ar chostais éagsúla mar ba chóir.[3]

Meastar anois gur thart ar €2.25 billiún costas an ospidéil nua. Ach nuair a fógraíodh an togra ar an gcéad dul síos in 2021, dúradh gur €450 milliún a chosnódh sé. Bhí an costas ag méadú go tráthrialta idir 2021-2024. Bhí an milleán faoi sin curtha ar ráta an bhoilscithe, ar an bpaindéim Covid-19 agus ar éilimh gan choinne ón tógálaí BAM.[3] Ach dealraíonn sé nach raibh sé ar a gcumas ag an mBord iallach a chur ar an gcomhacht gan tuadóireacht na háirce a dhéanamh ar an togra. Bhí 2,782 éileamh breise ar chostais curtha isteach ag BAM ó cuireadh tús leis an obair thógála in 2016 ach níor lamháladh ach fíorbheagán acu roimh 2024 agus bhí tuilleadh éileamh i gcaingean san Ard-Chúirt.[4]

I dtuarascáil a chuir KPMG i dtoll a chéile in 2024, tugtar le fios go raibh bearnaí i bhfoirne ceannais an togra agus nach bhfuil an struchtúr rialachais maith go leor. Bhí easpa soiléire faoin tsamhail oibriúcháin agus faoi na hacmhainní a chuirfear ar fáil don ospidéal.[8]

Beagnach míle spás páirceála a chuirfear ar fáil san ospidéal, 575 acu le haghaidh cuairteoirí. Ach tá sé i gceist €10 sa ló ar a mhéad a ghearradh ar dhaoine as páirceáil san Ospidéal Náisiúnta Leanaí. Ábhar conspóide le blianta fada is ea na táillí arda páirceála a ghearrtar ar othair agus ar chuairteoirí in ospidéil ar fud na tíre.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. newchildrenshospital.ie. "Irelands New Children's Hospital". Dáta rochtana: 2024-02-13.
  2. i mBéarla, National Childrens' HospitalNCH
  3. 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2024-02-13). "Ospidéal Náisiúnta Leanaí: costas ardaithe €500 milliún" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2024-05-30). "Ospidéal Náisiúnta Leanaí: sprioclá curtha ar athlá an athuair" (as ga-IE). 
  5. BAM (2024-05-30). "New Children's Hospital, Dublin - BAM Ireland". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-05-30. Dáta rochtana: 2024-05-30.
  6. "Children's hospital satellite centres | ROD". www.rod.ie. Dáta rochtana: 2024-09-25.
  7. 7.0 7.1 "Ár ospidéal leanaí nua" (en). Children's Health Ireland. Dáta rochtana: 2024-11-10.
  8. 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2024-09-24). "Ospidéal nua leanaí: amhras caite ar ullmhacht lucht riartha" (as ga-IE). 
  9. Máirín Ní Ghadhra (20 Feabhra 2019). "Níl sa rún mímhuiníne san Aire Sláinte inniu ach cuid de gheamaireacht na Dála" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-13.