Ord imoibrithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Maidir le himoibriú ceimiceach, spleáchas ráta imoibrithe ar thiúchan imoibreáin. Má athraíonn ráta an imoibrithe díreach i gcomhréir le tiúchan imoibreáin ar leith, is imoibriú den chéad ord é i leith an imoibreáin sin. Má athraíonn sé i gcomhréir leis an tiúchan sin cearnaithe, imoibriú den dara hord i leith an imoibreáin is ea é. Is é an t-ord iomlán ná suim na n-ord i leith na n-imoibreán go léir.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ord imoibrithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 498.